Ar chóir don Chumann Lúthchleas Gael bheith mar chumann gairmiúil?
By Medb Dolan | Apr 22 2018
Is ábhar é seo a mbíonn i gcónaí i mbéal an phobail sa tír seo ach is é an cinneadh a dtagtar i dtólamh air ná gur lúthchleasaíocht don ghnáthphobal iad na cluichí Gaelacha. Is fíor go bhfuil mian ag gach paiste atá ina mball den Chumann Lúthchleas Gael le bheith ag imirt dá gcontae sa todhcaí ach is í an áit ar thosaíonn an brionglóid seo ná sa chlub áitiúil.Amharcann na páistí seo ar a gcuid laochra ag imirt ar fhód beannaithe Pháirc an Chrócaigh agus iad ag caitheamh geansaí an chontae.Is é seo an leibhéal is airde agus is gairmiúla ar imrítear an spórt sa tír seo ach ní fhaigheann na n-imreoirí aon airgead ar bith dó.
Bíonn níos mó na ochtó míle duine ag freastal ar chluiche ceannais na hÉireann gach bliain agus bhí beagnach caoga míle duine i bPáirc an Chrócaigh do chluiche ceannais na mban i mí Mheán Fómhair 2017 – an scaifte is mó ag aon cheann de na mórimeachtaí spóirt do mhná ar fud na hEorpa le linn na bliana, cé gur spórt amaitéarach atá ann.Dá rachadh an CLG go gairmiúil mar chumann, bheadh costais níos airde ag na ticéidí chun phá na n-imreoirí a mhaoniú. Bheadh níos lú suime ag imreoirí ar fud na tíre nach bhfuil aon fhonn acu faoi láthair don chumann athrú. Scríobh Benny Coulter, iarpheileadóir le Contae an Dúin, ar Twitter ar na mallaibh, “Just reading some rugby player saying the GAA should think about going professional. That would destroy the GAA! #GrassTootsAllTheWay.” Tá an ceart ar fad ag Benny.Tá costais maireachtála sa tír seo ag síormhéadú an t-am ar fad agus is cinnte go mbeadh sé ar dóigh do dhaoine óga aigead a shaothrú do rud a dhéanann siad ar aon nós don chraic amháin. Ach is cinnte nach mbeadh nádúr an spóirt riamh mar a gcéanna arís tar éis an athrú sin a dhéanamh.Ar ndóigh, tá daoine mór le rá mar chuid den Chumann Lúthchleas Gael agus tá an t-ádh orthu go raibh siad in ann mbeatha a shaothrú fríd an spóirt – Henry Shefflin, Anna Geary agus Dónal Óg Cusack mar shampla. Nuair a bhí siad fós ag imirt, fuair siad go leor airgid ón urraíocht do bhrandaí éagsúla ach bhí orthu poist a choinneáil ag an am chéanna. Anois, oibríonn siad mar iriseoirí, láithreoirí agus tráchtairí agus is mar gheall ar na céimeanna a ghlac siad le linn a ngairmeacha go bhfuil siad in ann an saol seo a bheith acu anois.An athróidh an Cumann Lúthchleas Gael ar bhealach an sacar?
Is annamh imreoir reatha nach bhfuil gá dóibh post a fháil agus dá mbeadh seo níos coitinne, cén chineál sampla a mbeadh sé do pháistí óga? Is dea-shamplaí iad na n-imreoirí atá againn ar leibhéal idirchontae faoi láthair d’imreoirí óga mar léiríonn siad cad é mar a aimsítear an chothromaíocht cheart idir an obair, an t-oideachas, an teaghlach agus, ar ndóigh, an spórt. Is rud é seo a chuireann in iúl cé chomh speisialta is atá an Cumann Lúthchleas Gael sa tír seo agus na laochra a imríonn, gan stad gan staonadh, mar chuid den chumann gan pingin rua a shaothrú dó.Ní féidir a sheanadh go bhfuil borradh faoin spórt in Éirinn le fiche bliain anuas agus leis an bhorradh seo, tá athrú suntasach tagtha ar thiomantas na n-imreoirí ar fud na tíre, ní amháin i measc imreoirí na gcontaetha ach i measc imreoirí na gclub fosta – is minic a mbíonn bainisteoirí éagsúla tagtha isteach chun seisiúin traenála a ghlacadh a dhíríonn ar ghnéithe nua den aclaíocht nach raibh fecithe taobh amuigh de spórt gairmiúil fiú deich mbliana ó shin. Ba dhomhan eile ar fad é an sport gairmiúil i gcodarsnacht leis an sport amatéireach sa tír seo ach is cinnte go bhfuil an bearna ag laghdú idir an dá leibéil anois.Ach is cluichí iad cluichí Gaelacha le cultúr na tíre agus muintir na hÉireann istigh ina gcroí.
Taobh istigh d’aon seachtain amháin, thiocfadh le duine amháin bheith ag traenáil dá gclub, dá scoil nó ollsoil agus dá gcontae sa dá chluiche. Caithfidh siad trealamh a cheannach, costais taistil a íoc agus cuid mhór ama a thabhairt don spórt agus is cinnte go mbeadh pá de chineál éigin go mór ina gcuidiú leis na rudaí seo. Is spóirt iad a imrítear i ngach cineál aimsire, spóirt a imrítear ar fud na tíre idir óg agus aosta, spóirt a imrítear don ghrá amháin. Nach léiríonn sin nach bhfuil aon chúis leis an Chumann Lúthchleas Gael a bheith mar chumann gairmiúil nó nach ann ach ceist ama go n-athrófar rudaí?