tugadh ardmholadh don leabhar i léirmheasanna thar timpeall na tíre.
Tá leabhar nua tar éis teacht ar an bhfód le déanaí agus Anseo an teideal atá ar an leabhar fíorspéisiúil seo. An t-údar ná Úna-Minh Kavanagh agus is Gaelgeoir, iriseoir agus údar í. Foilsíodh an leabhar iontach seo an mhí seo caite.
Rugadh Úna-Minh i Hanáí sa Vítneam sa bhliain 1991. Ní raibh sí ach trí lá ar an saol seo nuair a d’uchtaigh Bean shingil ó Chiarraí an leanbh beag agus thug sí ar ais go hÉirinn í. Tógadh í i gCiarraí faoi chúram a mathair Noreen agus a seanathair Paddy chomh maith. D’fhás sí suas ag labhairt an Ghaeilge sa bhaile agus tá céim déanta aici sa Ghaeilge agus san iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Sa leabhar pléann sí an chinneadh atá déanta aici chun a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge seachas an Béarla a úsáid. Faoi láthair tá sí ina chónaí i mBaile Átha Cliath agus ag déanamh sár-iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn.
Sa bhliain 2013, caitheadh maslaí ciníocha léi i lár na cathrach, i mBaile Átha Cliath. Caitheadh seile uirthi agus an t-aon aiféala a bhí uirthi ná nár fhreagair sí na daoine seo ina teanga dhúchais, an Ghaeilge. Tuairiscíodh an eachtra dhéistineach seo ar fud na meán náisiúnta mar aon leis na meáin shóisialta. Ina leabhar Anseo, scríobhann Úna-Minh faoin ionsaí ciníochais seo a tharla ar Sráid Parnell agus conas mar a bhí an t-ionsaí seo mar catalaíoch di a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.
Tá Úna-Minh ag baint úsáid as an nGaeilge ar na meáin shóisialta agus tá na mílte ag dul ar líne, ar Twitter chuile lá chun giolcaireacht Úna-Minh a léamh. Tá sí thar a bheith spreagúil agus bíonn an feimineachas á plé aici chomh maith.
Ó
‘’Níl
Cad atá le fáil sa leabhar ná Úna-Minh í féin ag labhairt faoi hábhair éagsúla mar chluichíocht, an Ghaeilge so-aimsithe atá curtha ar fáil aici (mar shampla frása an lae ar Twitter) agus conas déileáil leis na teachtaireacht trollála a bhíonn le fáil ar na meáin shóisialta.
Is scéal a thógfadh do chroí, scéal Úna-Minh, scéal nua-aimseartha faoin nGaeilge agus an tábhachtacht a bhaineanna lenár dteanga álainn. Bíonn daoine atá ag streachailt leis an nGaeilge sástá í a leanúint ar an gcóras giolcaireachta Twitter toisc go mbíonn frása an lae aici atá éasca dóibh a thuiscint. Chomh maith le sin bíonn aistriúchán le fáil díreach in aic leis an nGaeilge atá mar chabhair ollmhór d’aon duine atá ag foghlaim na teanga. Tá an-tóir ar seo agus tá níos mó ná 12,000 mar lucht leanúna aici ar Twitter.
Cuid an-tábhachtach den leabhar ná cad atá scríofa aici faoina seanathair Paddy, a d’oibrigh mar gharda i dTrá Lí. Is léir ón leabhar go raibh tionchar ollmhór ag a seanathair ar a saol agus ar a pearsantacht chomh maith. Tá í féin agus a seanathair Paddy le fáil ar an gclúdach den leabhar. Pictiúr álainn don bheirt acu suite le chéile le Corca Dhuibhne sa chúlra. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm cad a bhí scríofa faoina seanathair. Tá sé mar chuid iontach coscrach den leabhar.
Tá áthas an domhain ar Úna-Minh faoin leabhar Anseo a bheith foilsithe.
“Táimse ar mhuin na muice! Is deacair dom a chréidiúint go bhfuil mo leabharsa ar fáil anois i tsiopaí mar bhíos fé bhrú. Thosnaíos ag obiar ar an leabhar seo i Mí Feabhra ‘gus bhí orm an lámhscríbhinn a sheoladh isteach roimh Mí Meitheamh. Bhíos thar a bheith gnóthach toisc go rabhas thar lear ar fheadh míosa leis i Mí Márta agus mar sin ní raibh ach trí mhí agam chun chuile rud a scríobh. Obair chrua ba ea é, ach táim sásta go ndearna mé é.”
Chuir mé ceist uirthi cad a bhí i ndán di agus is léir gur bhean an-ghnóthach ar fad í Úna-Minh.
“Bhuel táimse fós gafa le rudaí eile maidir le mo leabharsa ach b’fhéidir go bhfuil leabhar eile agam i mo cheannsa! Chífimid. Is í iriseoireacht, eagarthóireacht ‘gus scríbhnóireacht na rudaí ab fhearr liom ‘gus ba mhaith liom leanúint ar aghaidh.”
Blag iontach atá ag an mbean inspioráideach seo ná blag faoin taistil darbh ainm ‘Before my Mam dies, a travel blog with a difference.’ Blag iontach é atá lán le ailt éagsúla. An blag is déanaí ná ‘Where to drink the best coffee in Panama City’ agus b’fhéidir go bhfuilim claonta mar is aoibhinn liom caife ach is alt den scoth é. Alt lán le greann agus tugann sí léargas dúinn ar an gcaife atá le fáil i Panama agus léargas dúinn ar Panama ag an am céanna. Mar sin, más mian leat dul ag taistil agus tá comhairle ag teastáil uait, seo an áit le dul.
Rinneadh léirmheas fabhrach ar an leabhar Anseo agus tá Úna-Minh thar a bheith sásta leis an bhfreagra seo.
“Cinnte táimse ana-shásta leis an bhfreagairt, is dócha is léargas nua chuig an t-ábhar atá agam mar dhuine de dháth, a uchtadh ó thír eile ‘gus a raibh an Gaelainn aici mar phríomhtheanga ar dtús.”
An teachtaireacht is mó atá Úna-Minh ag iarradh béim a chur ar sa leabhar Anseo ná nach duine geal iad chuile duine ón tír seo, go dtagann daoine ó chúlraí éagsúla agus ba cheart dúinn é sin a cheiliúradh. Tá Anseo le fáil sna siopaí leabhar faoi láthair agus is fiú go mór é a léamh.