An t-Eagarthóir Gaeilge – Mo fhadhb leis an teanga

Advertisement

Tá fadhb mhór agam leis an gcuraclam iarbhunscoile sa tír seo ó thaobh na Gaeilge de. Ní argóint nua é seo, ach tá sé mar aidhm agam níos mó béime a chur air chun athruithe sa chóras oideachais a spreagadh.

Bhí mé riamh ag iarraidh bheith i mo mhuinteoir meánscoile, ach tar éis ceithre bliana a chaitheamh sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (COBÁC) ag stáidéar na Gaeilge (ag leibhéal fochéime agus ag leibhéal máistreachta), ní dhéanfainn é.

Advertisement

Is breá liom bheith i mo theagascóir anseo i gCOBÁC, caithfidh mé a rá. Tá grá, meas agus paisean ag na mic léinn don teanga. Is dócha go raibh deis acu dul chun na Gaeltachta, nó d’fhreastail siad ar Ghaelscoileanna den chuid is mó. Tá suim acu, ach is mór an difear idir iadsan agus lucht na meánscoile, cinnte. Mura bhfuil an tsuim ann cheana féin, níl sé éasca iad a spreagadh.

Cuirimse an locht ar an gcóras oideachais, ar an gcuraclam Gaeilge agus ar an Ardteistiméireacht

Cuirimse an locht ar an gcóras oideachais, ar an gcuraclam Gaeilge agus ar an Ardteistiméireacht – an tástáil chuimhne is mó a rinne mé riamh. Tá fadhb agam ag foghlaim de ghlanmheabhair, ní fiú é a dhéanamh. É sin ráite áfach, chaith mé dhá bhliain ag foghlaim anailíse, achoimrí agus na seanpháipeár. B’in an rud a mhol an múinteoir agus b’in an rud ar moladh dí is dócha. Níl cruinneas na teanga i gceist ar chor ar bith. Níl i gceist ach ceisteanna samplacha a fhoghlaim agus athchúrsáil a dhéanamh orthu. Bíonn daoine ag scríobh agus ag rá rudaí nach dtuigeann siad den chuid is mó. Ach bíonn sé ag teastáil chun grád maith a bhaint amach ar an drochuair.

Tá an iomarca béime curtha ar rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair

Ní raibh gramadach na Gaeilge déanta agam in aon chor sular thosaigh mé anseo i gCOBÁC. Bhí na briathra foghlamtha b’fhéidir, ach b’in é! Ní raibh an Tuiseal Ginideach cloiste agam fiú! Níor thuig mé go raibh inscne ag na hainmfhocail. Tá sé dochreidte é sin a rá anois, toisc go bhfuil siad lárnach ó thaobh gramadaí de, ach sin í an fhírinne lom. Anuas air sin, ní bhíonn na ranganna meánscoile múinte trí Ghaeilge uaireanta – d’fhoghlaim mé gach rud trí Bhéarla. Tá sé éasca beag a dhéanamh de anois, ach tá sé dochreidte ag breathnú siar air!

Ní dóigh liom gur féidir ginearálú a dhéanamh, ach sílim go bhfuil feabhsúcháin ag teastáil i bhformhór na tíre ó thaobh Gaeilge de sa churaclam iarbhunscoile. Tá an iomarca béime curtha ar rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair, agus níl dóthain béime curtha ar cruinneas na teanga ná ar chúrsaí gramadaí. Tuigim go bhfuil sé tábhachtach filíocht agus prós a dhéanamh go pointe áirithe, ach tá an iomarca i gceist leo sílim.

Tá fíorghrá agam don teanga Gaeilge agus don mhúinteoireacht

Ba chóir dúinn athruithe a thabhairt isteach agus athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an gcóras oideachais in Éirinn, cinnte. Caithfimid aitheantas a thabhairt do ghramadach na Gaeilge agus an tábhacht a bhaineann leis an teanga labhartha freisin. Tá fíorghrá agam don teanga Gaeilge agus don mhúinteoireacht, ach níl mé ag iarraidh post a fháil mar mhúinteoir Gaeilge sa tír seo, agus tá an locht ar an gcóras oideachais!

 

Advertisement