An stair atá le fáil i Reilig Ghlas Naíon

Beidh tú sáite i stair na hÉireann agus tú ag dul thar timpeall na reilige.

Dónall Ó Conaill, Éamon de Valera, Piaras Béaslaí agus Peadar Ó Cearnaigh. Seo roinnt de na daoine atá le fáil i Reilig Ghlas Naíon. Reilig atá lán le stair na hÉireann. Tá an deis ag turasóirí agus pobal na
hÉireann cuairt a thabhairt ar an reilig seo chun níos mó eolais a fháil faoina daoine tábhachtacha atá le fáil ansin. An aidhm atá ag reilig Ghlas Naíon ná chun oidhreacht na glúine atá imithe ar shlí na fírinne a chaomhnú. Chomh maith le seo, teastaíonn uathu an oidhreacht a chosaint do na glúnta atá le teacht. Tá níos mó ná 1.5 milliún duine le fáil anseo agus teastaíonn ón reilig scéalta na ndaoine a roinnt libh.

D’oscail músaem ar láthair na reilige sa bhliain 2010 agus tá an-éileamh air. Tá turas treoraithe le fáil ann agus an rud is fearr faoi seo i mo thuairimse ná go bhfuil turas treoraithe le fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is deis iontach é seo do dhuine ar bith atá ag iarraidh cleachtadh a
dhéanamh ar a chuid Gaeilge agus éisteacht faoi stair na tíre seo inár dteanga dhúchais. Le treoraí den scoth darbh ainm Paddy, beidh eispéireas den scoth agat agus tú ag foghlaim faoi laochra na tíre seo.
Beidh tú sáite i stair na hÉireann agus tú ag dul thar timpeall na reilige. Tá leacht cuimhneacháin álainn le súigh isteach nuair atá tú ag éisteacht leis na treoraithe atá thar barr ar fad.

Tá deis ann chun téigh suas túr Ó Conaill agus radharc de Bhaile Átha Cliath a fháil. Tá an túr seo mar an cloigtheach is airde atá le fáil sa tír agus tógadh é in onóir Dónall Ó Conaill. Tugadh an Fuascailteoir air
agus tógadh an cloigtheach dó mar gur eisean a bhunaigh an reilig sa bhliain 1832. Tá uaimh an Fuascailteora le fáil sa chloigtheach. Sa bhliain 1971, cuireadh buama sa chloigtheach agus bhí dámaiste déanta go dtí na staighre ach ar an dea-uair, níor gortaíodh duine ar bith. Ní raibh cead isteach sa chloigtheach ag an bpobal arís go dtí 2018 nuair a athosclaíodh é. Is fiú go mór dul isteach agus ómós a thabhairt don Fhuascailteoir chomh maith le cuid mhór de Bhaile Átha Cliath a thógáil isteach.


Fear mór le rá atá le fáil sa reilig ná Seosamh Máire Pluincéid. Tá aithne ag formhór na ndaoine ar an amhrán Grace agus an scéal tragóideach atá bainteach leis. Náisiúnaí Éireannaigh a throid in Éirí Amach na Cásca, 1916 ab ea Seosamh Pluincéid. Bhí sé mar bhall den Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus bhí sé agus cúpla duine eile freagrach as ucht Éirí Amach na Cásca. Tar éis dó féin agus na
ceannairí eile, iad féin a thabhairt suas, cuireadh é i bPríosún Chill Mhaighneann. Cuireadh faoi thriail armchúirte é agus roinnt uaireanta sular cuireadh chun báis é, phós sé a mhuirnín dílis Grace Gifford i
séipéal an phríosúin. Ní raibh sé ach fiche a hocht agus tar éis dó bás a fháil, níor phós Grace Gifford riamh arís. Tá uaimh Grace Gifford le fáil sa reilig chomh maith. Is minic go mbíonn turasóirí ag leagadh bláthanna ar uaimheanna an bheirt seo. Tarlaíonn sé go minic go mbíonn turasóirí agus na
hÉireannaigh ag canadh an t-amhrán Grace nuair a bhíonn siad seasta os comhair uaimh Seosamh Pluincéid.

Bíonn turasóirí ag súil le huaimh Micheál Ó Coileáin a fheiceáil chomh maith le huaimh Éamon de Valera. Bíonn cuairteoirí i gcónaí le fáil timpeall uaimh an Chuntaois Markievicz. Bhí sí mar an chéad bhean chun suí ar Pharlaimint Westminster agus toghadh í mar an tAire Oibreachais sa chéad Dáil. Chomh maith le seo throid sí in Éirí Amach na Cásca agus bhí cinneadh déanta chun í a chur chun báis ach mar gheall ar a hinscne, laghdaíodh a phionós. Bhí Éamon de Valera ag cois leaba an Chuntaois Markievicz nuair a d’éirigh sí tinn agus thug sé an óráid ag a shochraid.

Tá stair na hÉireann ar fud na reilige ar fad. Laochra éagsúla a thug iad féin suas do shaoirse na tíre seo. Chomh maith le cuairt a thógáil ar na huaimheanna, tá iarsmalann le fáil ar an láthair le heolas faoina laochraseo ar fad. Ní féidir dearmad a dhéanamh ar an óráid a bhí déanta ag an bPiarsach ag uaigh Diarmaid Ó Donnabháin Rosa i reilig Ghlas Naíon sa bhliain 1915. Bhí an óráid tugtha ag an bPiarsach mar cheann de na hóráidí is cáiliúla a bhí bainteach leis an troid ar son shaoirse na hÉireann.
Seans go bhfuil ceangailt agat leis an reilig seo chomh maith. Tá níos mó ná 1.5 milliún le fáil sa reilig agus is féidir le duine ar bith suí le ginealeolaí na reilige agus aimsigh níos mó eolais faoina gclann féin.
Tagann daoine ar ghaolta sa reilig agus is féidir leo cuairt a thógáil ar an uaigh.


Ó thaobh an cheoil de, tá Luke Kelly óna Dubliners i nGlas Naíon. Amhránaí den scoth ab ea é. Tráth cumha agus bróin a bhí ann nuair a fuair sé bás sa bhliain 1984. Tá daonra na tíre seo agus turasóirí an-
tógtha leis a cheol agus deirtear gur chur sé go mór le cultúr na tíre. Bíonn go leor daoine ag iarraidh cuairt a thógáil ar a uaigh agus ómós a thaispeáint dó.

Cé go bhfuil go leor le feiceáil sa reilig, ó mo tháithí féin, is é an treoraí Paddy Gleeson a chur go mór leis an turas. Is scéalaí den scoth é a chuireann brí agus anam isteach sa thuras treoraithe. Má tá suim ar bith agat i Stair na hÉireann agus sa Ghaeilge, seo do sheans cuairt a thógáil ar reilig Ghlas Naíon agus éisteacht faoi scéalta laochra na tíre seo trí Ghaeilge.