San alt seo, tugtar roinnt moltaí maidir le ceoltóirí agus bannaí ceoil a chruthaíonn agus a sheineann ceol Gaeilge i réimse leathan seánraí.
Gan amhras ar bith, tá sé soléir ó chlú mór an bhanna ceoil Kneecap go bhfuil ceol na Gaeilge tar éis forbairt go suntasach le blianta beaga anuas. Cé go bhfuil an banna ceoil Hip-Hop i mbéal an phobail faoi láthair, is beag eolas atá ag daoine faoi cheoltóirí agus bhannaí ceoil eile a dhéanann a gcuid ceoil trí mheán na Gaeilge nach ceoltóirí traidisiúnta nó sean-nós iad. Ina fhianaise seo, tá sé i gceist agam plé agus roinnt samplaí de cheoltóirí de sheánraí éagsúla a dhéanann a gcuid ceoil trí mheán na Gaeilge a thabhairt daoibh.
Corr Mhóna
Banna ceoil trom-mhiotalach ó iarthar Chorcaí is ea é an banna ceoil Corr Mhóna. Cruthaíodh an banna ceoil sa bhliain 2008 agus d’fhoilsigh siad a gcéad albaim Dair sa bhliain 2014. Seasann a gcuid ceoil amach mar nach iomaí banna ceoil miotalach atá ann a scríobhann agus a chanann as Gaeilge agus as Gaeilge amháin. Ina theannta seo, baineann siad leas as eilimintí miotalacha cosúil le béiceanna agus giotár trom-mhiotalach ina gcuid ceoil. Tá an banna ceoil fós ag déanamh ceoil agus a n-albaim is déanaí Abhainn foilsithe acu sa bhliain 2021.
Aeons
Is iad Muireann Nic Amhlaoibh agus Pádraig Rynne an dís atá taobh thiar den cheol Aeons. Dar leis an mbeirt cheoltóirí, is éard atá i gceist le ceol Aeons ná ceol electronica as Gaeilge. Is díol suntais é gur bhuaigh an dís dhá ghradam sna Gradaim Nós. Ba sa bhliain 2018 a d’fhoilsigh siad a n-albaim is déanaí Fís agus is minic a chomhoibríonn siad le ceoltóirí eile cosúil le The Rubberbandits agus Séamus Barra Ó Súilleabháin.
John Francis Flynn
Amhránaí agus ceoltóir uirlise is ea é John Francis Flynn a thugann eilimintí ceoil traidisiúnta agus nua-aimseartha le chéile ina gcuid ceoil. Is minic a chanann Flynn as Gaeilge agus as Béarla ina gcuid amhrán, rud atá soléir óna amhrán ‘Kitty’ óna albaim Look Over the Wall, See the Sky a foilsíodh sa bhliain 2023. Tá clú agus cáil air mar cheoltóir atá ag leathnú an cheoil traidisiúnta go háirithe mar gheall ar a chur chuige turgnamhach ina leith.
Afro Celt Sound System
Bunaithe sa bhliain 1995 ag Simon Emmerson, is éard atá i gceist le ceol Afro Celt Sound System ná cumasc de cheol leictreonach agus cheol traidisiúnta na hÉireann agus Afraice thiar. Tá meascán de liricí Gaeilge, Béarla agus Maninka in amhráin Afro Celt Sound System. Is é ‘Éireann’ sampla iontach de seo ina bhfuil meascán de theangacha ann agus tá meascán d’eilimintí ceolmhara ó cheol traidisiúnta na hÉireann, cosúil le húsáid uirlisí cosúil leis an bhfidil, agus ó cheol traidisiúnta na hAifraice Thiar, cosúil leis na patrúin drumadóireachta a úsáideadh.
Is léir ón méid seo go bhfuil an oiread sin bannaí ceoil ann a dhéanann réimse leathain de cheol éagsúil. Ina fhianaise seo, má tá spéis ag aon duine ceol Gaeilge difriúil agus nuálach, molaim go mór cluas a thabhairt do Corr Mhóna, Aeons, John Francis Flynn, agus Afro Celt Sound System.