Tuairiscíonn Shane MacDomhnaill faoin caibidil dhorcha is déanaí le stair na tíre a mharcáil: Na Tithe Máithreacha agus Leanaí agus ceistíonn sé conas a bhogann muid ar aghaidh uaidh seo.
Le tamall anuas, táim ag scríobh faoi míreanna den saol agus den sochaí, níos minice ná ar an gcorruair is míreanna duairce iad seo. Níos minice ná ar an gcorruair is míreanna iad seo a gcuireann in úil go bhfuil bóthar le taistil againn mar dhaoine. Go h-iondúil, tá fulaingt i gceist le na h-ábhair atá pléite agam, ar nós an mheabharshláinte agus drochúsáid ghnéasach. Go dtí seo, áfach, níl topaic chomh gruama pléite agam is atá inniú. Foilsíodh tuairisc déanta ag an Mother and Baby Homes Commission of Investigation ar an 12ú Eanair. Is tuairisc é seo maidir le stair na tíre seo a chaitheann scáth thairinn uilig. Ardaíonn sé an cheist: cé muid mar dhaoine, agus mar tír?
Seans ann go bhfuil cuimhne agat ar olluaigh Tuaim i nGaillimh, áit ar aimsíodh coirp de suas le 800 páiste faoin dtalamh ag Teach Máthair agus Leanbh Bon Secours. Mar a d’fhoghlaim muid, ní ach faobhar amháin den scéal a bhí ansin. Clúdaíonn an tuarisc an tréimhse idir bunú an stáit i 1922 agus 1998. Le linn an tréimhse 76 bliain seo, chaith beagnach 56,000 máithreacha tréimhse faoi leith sna tithe. 80% dóibh siúd, bhíodar idir 18-29 bliana d’aois. 5,000 de na máithreacha, áfach, bhí siad faoi bhun 18 bliain d’aois. Fuair thart ar 9,000 páiste bás sna tithe seo, sin 15% nó páiste as gach seachtar. I gcómhthéacs na tíre ar an iomlán, is ráta bháis é sin atá dhá uair níos mó ná ráta na tíre.
Na máithreacha a gcuireadh sna tithe seo, is máithreacha iad nar phós. Is iad na páistí a rugadh anseo páistí a rugadh lasmuigh den phósadh. Páistí neamhdhlisteanacha iad na páistí seo trí shúile an stáit is trí shúile na h-Eaglaise. De réir sochaí na tíre seo, faoi bhos an chait ag an Eaglais Chaitliceach le cabhair an rialtas, bhí air na mná seo a mbaile a fhágáil chun dul isteach sna tithe seo. Ní raibh rogha eile acu.
Ar an 13ú Eanair, d’eisigh an Taoiseach, Mícheál Martin, leithscéal fhoirmeálta ón stáit d’íosphartaigh agus do mharthanóirí na Tithe Máíthreacha agus Leanaí. Dúirt sé: “One of the clearest messages of the testimonies in this report is how this treatment of women and children is something which was the direct result of how the State, and how we as a society acted. And so, on behalf of the Government, the State and its citizens, I apologise for the profound generational wrong visited upon Irish mothers and their children who ended up in a Mother and Baby Home or a County Home. As the Commission says plainly — ‘they should not have been there’.”
Ghlac Catherine Connolly, T.D d’Iarthar Ghaillimh, col le ráiteas an Taoisigh. Nuair a thug Mícheál Martin le fios go raibh an sochaí go léir freagrach, dúirt Catherine Connolly: “You’re saying here today that we’re all responsible. I am not responsible. My family was not responsible. The people I know were not responsible. And those least responsible were put into the Homes. So don’t stand here today and expect me to listen to you with patience when you tell us society did that.”
Tá cáineadh maidir leis an tuairisc ag teacht ó áiteanna éagsúla de bharr, de réir an gCoimisiún, níor aimsíodh aon fianaise go raibh iachall ar na mná dul isteach sna Tithe, agus freisin níor aimsíodh aon fianaise go raibh uchtú éigeantach gceist chomh maith, cé go ndeireann fianaise na mná iad féin gur tharla sé go bhforleathan; “They tell us that there was no evidence that women were forced to enter mother and baby homes. That for me is extraordinary, because it bears no connection to the testimony given by the women and men that came forward, how they could have drawn that conclusion is beyond, beyond my capability”, a dúirt Catherine Connolly. “Either we believe the women - or we don’t.”
I lár an aonaigh anseo, cinnte, tá ról an stáit ó neamhspleáchas ar aghaidh. Tá ról na h-Eaglaise Chaitlicigh ann, chomh maith. Méid áirithe de na tithe seo, bhíodar faoi stiúr an Eaglais céanna. Is sampla eile é seo den toradh a tharla i nidiadh do muintir na tíre seo cumhacht na Bhreataine a bhaint agus a chuir i lámha na h-Eaglaise. Ní hé seo an chéad drochíde atá déanta go muintir na tíre seo ag an Eaglais céanna agus is ceacht gruama í ar cad a tharlaíonn nuair a thugtar cumhact dóibh siúd nach bhfuil aon gnó acu bheith i gcumhacht sa chéad áit.
Ós cionn aon nígh eile, is teipeadh glan í seo. Teipeadh den chíneál ba mhillteanach. Is cineál scéal í an scéal seo a bhunaítear scannánacha uafáis orthu. Níl seo maith go leor seasamh sa bhliain 2020 agus a rá go raibh rudaí difriúil san am atá thart. Clúdaíonn an Coimisiúin tréimhse ó bunú an stáit sna 1920idí díreach ar aghaidh chuig na 1990idí; is iad na 90idí an tréimhse deich mbliana inár rugadh an chuid is mó de mhic léinn UCD. Ní stair ársa í seo. I mbealaí éagsúla, ar feadh an chuid is mó den céad atá thart, ní áit fáilteach í Éireann a bheith i do mhná. Scríobh mé cheanna maidir le drochúsáid agus ionsaithe ghnéis. Tá mórán scríoftha roimhe seo faoin oiread mhná atá imithe chuig na Breataine chun ginmhilleadh a bheith acu chun an cinniúnt seo a sheachaint. Tá mórán freisin, glacaim leis, nach bhfuil scríoftha go fóill. Ag an deireadh thiar thall, filleann muid ar na ceisteanna céanna, ceisteanna atá ró-mhór domsa a fhreagairt: cén fáth, agus conas?
Chun deamhan na staire againne a fhágáil tá orainn aghaidh a thabhairt ar conas a ligeann muid rudaí ar nós seo a thitim amach. Is maith linn a chreid gur tír comhaimseartha, na linne seo í an tír seo - i ndiaidh ócáidí na Reifreann le roinnt blianta anuas, tá an cás sin ann. Anois is arís, áfach, tá scéal a tharrangaíonn muid uilig siar chuig an Ré Dorcha. Ní éireoidh linn éiliú ón Ré seo go dtí go seasann muid ós comhair na h-íosphartaigh agus ár sheacht ndícheall a dhéanamh rudaí a chuir i gceart. Is tús é leithscéal a ghabháil. Is tús é cúiteamh a thabhairt chomh maith. Ní hé sin ach páirt den troid, áfach. Chun ráiteas Catherine Connolly a mheabhrú: Creidimis na mná seo, sin nó ná chreidimis iad.