Gan amhras ar bith, tá an Ghaeilge fite fuaite le saol agus stair Bhaile Átha Cliath, rud atá soléir ó na comharthaí sráide go dtí na pop-up Gaeltachtaí a tharlaíonn timpeall na cathrach.
Le blianta fada anuas, tá sárobair déanta ag Conradh na Gaeilge agus gníomhaithe teanga éagsúla maidir le dul chun cinn na Gaeilge agus an chultúir éagsúil Ghaelaigh sa phríomhchathair. Ach, le láithreacht sheanbhunaithe ar Shráid Fhearchair, dhún Conradh na Gaeilge doirse a gceannárais go hoifigiúil ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Leis an nuacht seo tagtha chun solais, is tráthúil roinnt focal a rá faoin obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge agus gníomhaithe teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail Ghaelaigh éagsúil ar fad thar na blianta.
Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus is dócha go bhfuil sí ar an eagraíocht is tábhachtaí in athbheochan na Gaeilge ó shin i leith. I measc na rudaí atá déanta ag an eagraíocht chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn, tá ranganna agus oideachas Gaeilge curtha ar fáil, leabhair agus foinsí Gaeilge foilsithe, imeachtaí agus féilte eagraithe agus araille. Ina theannta seo, bhíodh an teach tabhairne Club Chonradh na Gaeilge ar oscailt san fhoirgneamh go rialta, le cuid mhaith de na himeachtaí a eagraíodh ar siúl ann freisin.
Is fiú é a rá go bhfuil sé mar aidhm ag an eagraíocht freastal ar an bpobal ar fad ar spéis leo an teanga a labhairt ó bunaíodh í. Cuir i gcás, is díol suntais é gurb é formhór na ndaoine a fhreastalaíonn ar na ranganna Gaeilge ná daoine nach as Éirinn ó dhúchas iad. Tá na ranganna seo iontach luachmhar do gach éinne a bhfuil ag iarraidh an teanga a fhoghlaim mar gheall nach iomaí spás atá ann a thugann deis do dhaoine an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim sa chathair. Ar an gcaoi seo, tugann an eagraíocht deis do gach éinne de gach cúlra nasc níos láidre a chruthú le cultúr na hÉireann agus na nGael.
Ina fhianaise seo, cé gur dúnadh doirse ceannárais na heagraíochta, ní hé go gciallaíonn sé go gcuirfear stad leis an obair seo uilig. Is iomaí gníomhaí teanga den scoth atá ann a dhéanann sárobair, mar aon le Conradh na Gaeilge, ar son na teanga. Cuir i gcás, tá obair thábhachtach déanta ag neart gníomhaithe teanga cosúil leis na gníomhaithe teanga gorma ar fheabhas atá againn sa tír seo. Mar shampla, oibríonn Ola Majekodunmi mar ghníomhaí teanga agus chraoltóir, ag ardú feasachta faoin teanga agus faoina taithí mar bhean ghorm a labhraíonn an Ghaeilge. Tá seó raidió aici ar Raidió na Life darb ainm Afra-Éire a bhaineann leis an bpobal Afracach agus Éireannach freisin. Is é craoltóir eile ar fiú é a lua ná Zainab Boladale. Ba í Boladale an chéad duine Afracach agus Éireannach a d’oibrigh le RTÉ mar chraoltóir agus is gaeilgeoir í a roinneann a taithí mar bhean Nigéarach agus Éireannach go rialta.
Gan amhras ar bith, tá an obair a dhéanann daoine cosúil leis an mbeirt ghníomhaithe seo iontach tábhachtach maidir le dul chun cinn na Gaeilge. Is pobal éagsúil é an pobal Gaelach agus tá sé fíorthábhachtach go bhfuil daoine i mbéal an phobail cosúil leis na mná seo a léiríonn an pobal gaelach mar atá sé. Tá sé ríthábhachtach freisin go bhfuil ionadaíocht chuí agus éagsúil againn sna meáin mar gheall go léiríonn sé go bhfuil an Ghaeilge ann do gach éinne.
Ina theannta seo, is fiú é a rá gur lá i ndiaidh lae atá daonra na tíre seo ag dul i méid agus ag éirí níos éagsúla agus idirnáisiúnta go seasta. Is mar gheall air seo atá sé níos tábhachtaí fós cluas a thabhairt do ghuthanna gaeilgeoirí de gach cúlra cultúrtha ionas gur féidir cultúr gaelach a chruthú a chuireann fáilte roimhe gach duine. Ar an gcaoi seo, is féidir dul i ngleic leis na dushláin atá roimh dhaoine gorma nó dhaoine de gach cúlra sa phobal Gaelach ar bhealach níos fearr.
Pé scéal é, is fiú é a rá gur dúnadh Uimhir a Sé Sráid Fhearchair le athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh agus go mbeidh Conradh na Gaeilge, An Siopa Leabhar, Oireachtas na Gaeilge, Raidió Rí-Rá agus grúpaí eile ag áistriú go suíomhanna eile i rith an phróisis athchóirithe. Ní hamhlaidh an scéal don teach tabhairne, Club Conradh na Gaeilge, ar an drochuair, agus críoch curtha lena ré ar feadh trí bliana. Ach, beidh imeachtaí pop-up á reachtáil i dtithe tábhairne eile ar fud na cathrach le linn na hathchóirithe.
Mar fhocal scoir, ní féidir a shéanadh go bhfuil sárobair déanta ag Conradh na Gaeilge agus gníomhaithe teanga amhail Ola Majekodunmi agus Zainab Boladale leis an nGaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn. Cé gur deireadh ré atá ann do cheannarás Chonradh na Gaeilge mar is eol dúinn faoi láthair, beidh ceannarás athchóirithe agus úr againn i gceann trí bliana. Ach, idir an dá linn, tá sé tábhachtach leanúint ar aghaidh ag cur fáilte roimh chách isteach sa phobal Gaelach. Ar an gcaoi seo, is féidir linn a bheith cinnte go mbeidh todhchaí gheal ann don Ghaeilge agus don phobal Gaelach éagsúil ar fad.