
“An miste leat má labhraím Gaeilge leat?”
By Déonna McLaughlin | Nov 26 2015
Amharcann Déonna McLaughlin ar an luach atá ag siombail cosúil leis an bhFáinne agus an pobal Gaelach ag déanamh cómhra agus cumarsáid sa lá atá inniu ann.I mo thuairim bíonn luach mór le siombailí leis an bhFáinne. Ar an gcéad radharc bíonn tú in ann a fháil amach má tám Gaeilge ag an duine agus ansin is féidir leat labhairt leo trí Ghaeilge ón tús. Níl tábhacht leis an bhFáinne ann féin ach i roghnú na teanga a úsáidfidh tú agus tú labhairt le duine. Tá sé tábhachtach do chur chun cinn na teanga, bíonn daoine ag ceistiú cad é an Fáinne sin ar do bhrollach agus is féidir le duine freagairt gur siombail é go bhfuil leibhéal bunúsach (má tá Fáinne airgid acu) nó líofacht (má tá fáinne óir acu) acu sa teanga. Ciallaíonn ná fáinní seo go bhfuil an seans ag daoine an méid Gaeilge atá acu a léiriú. Ceapaim go mbeadh sé cliste dá mbeadh siombail eile ann, ionas go mbeadh a fhios againn an bhfuil Gaeilge ag duine nó nach bhfuil. Mar tá aithne agam ar an-chuid daoine nach bhfuil fáinne acu, mé féin san áireamh. Bhí ceann airgid bronnta orm sa bhunscoil, rud nach dtuigim toisc go raibh gach duine againn líofa ag fágáil na bunscoile agus is é an fáinne óir an siombail dó sin. Fiú má bhí siombail ann go nbhfuair tú do chuid oideachais trí mheán na Gaeilge, ba mhaith le roinnt daoine an méid sinDar ndóigh ní féidir luach airgid a chur ar an tábhacht atá leis na siombailí ach i mo thuairim táluach mór dóibh don teanga Ghaelach.
Bíonn an-chuid deacrachtaí ag baint leis an rogha comhrá nó cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge, toisc go bhfuil sé deacair a aimsiú cén teanga atá ag duine. Ar an drochuair níl ardchaighdeán Gaeilge ag an-chuid daoine agus ciallaíonn sé sin nach bhfuil mórán daoine ag iarraidh labhairt trí Ghaeilge, fiú í a labhairt i dtosach báire t. Is é sin an rud is fearr faoin bhFáinne, go mbíonn tú in ann a roghnú cén teanga ar chóir tosú léi mar gur féidir leat a fheiscint cén leibhéal atá ag duine sula labhraíonn tú oiread is focal amháin leo.Tá siombailí rí-hábhachtach sa saol inniu, cuidíonn siad le daoine roghnú cén teanga ar chóir dóibh a labhairt ón tús, cuireann siad an teanga chun cinn, rud atá an-tábhachtach. Dar ndóigh ní féidir luach airgid a chur ar an tábhacht atá leia na siombailí ach i mo thuairim is mór an luach atá acu don teanga Ghaelach. Má táthar ag iarraidh fáinne a cheannach, (sea is féidir leat iad a cheannach, ní chaithfear iad a bhronnadh ort) is féidir leat do shúile a chaitheamh ar shuíomh Gael Linn. Tá na roghanna ar fad ansin, fáinne airgid, fáinne óir, an sean fáinne agus tá an suaitheantas “cúpla focal” acu chomh maith.