Bíonn éifeacht ag teangacha ar a chéile, agus tá éifeacht na Gaeilge ar an Bhéarla le bhraith go soiléir. Tuairiscíonn Zoe Nic Shiommóin faoi roinnt den stór focal sa Bhéarla, atá dúchas aige sa Ghaeilge.
Feictear tionchar na hÉireannaigh ar fud an domhain, idir chultúr, bhia nó dhaoine iad fhéin agus dár ndóigh feictear tionchar na Gaeilge ar fud an domhain chomh maith, ní hamháin an Ghaeilge í féin ach sna nathanna ón nGaeilge atá scaipthe sna teangacha eile, go háirithe an Béarla. Mar gheall ar sin tá ár Béarla dár gcineál féin againn, ‘Béarla na hÉireann’ nó ‘Hiberno-English’. Is rud álainn é, rud ar leith do mhuintir na hÉireann amháin. Is minic a bhím ag caint le daoine thar learr nó daoine ó thíortha eile agus usaidim focail nó frása agus níl cliú acu céard atá i gceist. Mar shampla, an focal ‘craic’: focal ón nGaeilge a chiallítear ‘fun’, cloistear na nathanna ‘what’s the craic?’ nó ‘any craic?’ go minic, mar slí neamhfhoirmiúil nó comhráiteach chun daoine a bheannú in Éirinn. Do dhaoine nach bhfuil ‘Béarla na hÉireann’ acu cheapfaidís go bhfuil muid gafa le drugaí an t-am ar fad!
Ach conas a scaipeadh focal Gaeilge go dtí an Bhéarla? I ndiaidh agus i rith an Ghorta Mhóir chuaigh roinnt daoine ar imirce thar learr go dtí na Stáit Aontaithe nó Sasana, dá bharr sin shil focail ón Ghaeilge síos chuig an Béarla. Chomh maith feictear tionchar ó Phlandáil na hÉireann freisin, bhí cosc ar an teanga agus pionós dian ann do dhaoine a raibh ag úsáid í, mar sin bhí ar muintir na hÉireann Béarla amháin a usáid agus tháining cúpla focal Gaeilge leo. An focal ‘galore’ mar shampla, focal a thagann ón nGaeilge ón nath ‘go leor’ a shainmhíníonn ‘many’ sa foclóir ‘English – Irish Dictionary ó de Bhaldraithe (1959)’, usaidtear an focal ‘galore’ go han-mhinic sa ghnáthchaint an Bhéarla.
Ceanglaítear an focal ‘dig’ le béarlagair Meiriceánach, focal a chiallítear ‘to like, appreciate or understand’, ach tagann an focal seo ón bhfocal Gaeilge ‘tuig’ nó chun a bheith níos cruinne an nath ‘an dtuigeann tú?’ (‘Do you understand?’). Anuas ar sin bíonn níos mó béarlagair ón nGaeilge timpeall orainn, tóg an focal ‘Tory’ mar shampla, focail a úasáidtear do dhaoine sa Pháirtí Coimeádach sa Ríocht Aontaithe (RA), tháining an focal seo ón bhfocal Gaeilge ‘tóraí’ a chiallaíonn ‘bandit, robber or outlaw’ ach chomh maith leis sin bhí an focal úsáidte chun cur síos a dhéanamh ar throdaí ar son na Caitilceaigh a bhí ar thaobh an Rí sa Chogadh Cathartha i Sasana sna 1640í. Úsáideadh an t-ainm do ríogaithe agus coimeádach as sin amach. Sa lá atá inniu ann usáidtear an focal ‘Tory’ mar mhasla go minic agus is léir go bhfuil an bhrí chéanna ag daoine ná a bhí ag na hÉireannaigh fadó fadó.
Trasna na dtonnta in Éirinn, tá focail éagasúil againn do dhaoine ó áiteanna éagasúla, mar shampla ‘townies’ nó ar an taobh eile tá ‘culchie’ againn, úsaidtear ‘culchie/s’ do mhuintir na tuaithe (nó aon dhuine nach bhfuil as BÁC uaireannta). Ceapadh go thagann an focal seo ón bhfrása ‘cúl an tí’ (back of the house), mar dé ghnáth úsáidtear an cúldoras mar bhealach isteach in ionad an doras tosaigh, a úsáidtear míos minice sna cathracha. Sa lá atá inniu ann, uaireannta bíonn sé drochmheasúil an téarma seo a rá. Ag caint faoi saol na tuithe, tagann an focal ‘bog’ ón nGaeilge agus ón bhfocal ‘bogach/bog’ a chiallíonn ‘soft’. Úsáidtear an focal ‘shebeen’ ar fud an domhain, ó Cheanada go dtí an Afraic Theas, ciallíonn an focal ‘club nó bear gan cheadúnas chun biotáille a dhíol’ ach ní haon ionadh go tháinig an focal ón leagan Gaeilge - ‘síbín’.
Tá go leor focail álainn a thagann ón nGaeilge againn sa Bhéarla, an focal ‘smithereens’ mar shampla, cloistear an focal seo sa chomhtheacs go mbrisfí rud éigean, nó ‘smidiríní a dhéanamh de rud’. Anuas ar sin, tá an focal don stíl bróige hiopstar againn, ‘brogues’ focal a chloiseann díreach mar an gcéanna sa Ghaeilge, ‘bróg’ nó ‘bróga’, a chiallaíonn ‘shoe/shoes’. Agus faoi dheireadh focal atá ar eolas ag beagnach gach uile mac léinn, an focal ‘naggin’, (a type of bottle used for alcohol) cineál buidéal alcóil, (de 200ml de gnáth), roimh an focal ‘naggin’, úsáideadh an focal ‘noggin’ ach tháining an focal ‘noggin’ ón leagan Gaeilge ‘naigín’.
Is iomaí na focail ghalánta atá againn sa Bhéarla a bhfuil fhréamhacha sa Ghaeilge agus is dócha go h-úsáidfí na focail sin níos minice amach anseo sa ghnáthchaint.