Tá go leor teangacha dúchais ag fáil bháis agus tá sé mar aidhm ag pobal na tíre seo an Ghaeilge a choimeád beo.
Tá forbairt tar éis teacht ar an nGaeilge le blianta beaga anuas. Cad atá iontach faoi seo ná go bhfuil páirt mhór ag daoine óga na tíre seo in athbheochan na Gaeilge. Cé go bhfuil go leor daoine an-tógtha leis an nGaeilge, tá go leor teangacha dúchais ag fáil bháis agus tá sé mar aidhm ag pobal na tíre seo an Ghaeilge a choimeád beo.
Bhí athbheochan déanta ar an nGaeilge sa bhliain 1833. Bhí ceisteanna ann faoin gcaighdeán go háirithe na canúintí agus litriú na Gaeilge. Ceann de na nithe is tábhachtaí is mó a bhí mar chroílár an athbheochana ná an t-athrú ar an nGaeilge ó Ghaeilge an seachtú haois déag, Gaeilge Chéitinn, go dtí caint na ndaoine.
Bhí cur agus cúiteamh ann san 19ú haois faoi litriú na teanga. Chreid an tAthair Peadar Ó Laoghaire go ba cheart go mbeadh caint na ndaoine mar chuid lárnach den litriú. Chreid sé go raibh saibhreas álainn ag baint le caint na ndaoine. Le bunú Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893, bhí tionchar aige seo ar beagnach gach gné a bhain leis an nGaeilge.
Ní raibh an meon seo le fáil ag lucht labhartha na Gaeilge ar fad. Bhí aidhm nua ag teacht chun cinn sa tír. An aidhm a bhí ann ná go ba chóir go mbeidh Gaeilge amháin ann ó thaobh litriú agus gramadach de. Bhí athbheochan déanta ar litriú na Gaeilge agus leis an bhfeabhsúchán seo, tháinig éileamh ar litríocht i nGaeilge. Bhí tionchar ollmhór ag an leabhar Séadna agus an leabhar Deoraíocht ar litríocht na Gaeilge agus thug sé stádas nua-aoiseach don teanga.
Le hAthbheochan na Gaeilge, bhí suim ag muintir na tíre sa teanga agus sa chultúr a bhí againn mar shampla spórt agus rince. Faoi láthair, tá suim múscailte sa teanga arís agus is daoine óga don chuid is mó atá ag léiriú suim san ábhar.
Tá muintir na tíre seo ag léiriú dílseacht don teanga agus iad ag baint úsáid as an nGaeilge. Tá éileamh ar an nGaeilge anois agus tá socruithe déanta ag an rialtas chun i bhfad níos mó Gaelscoileanna a bhunú taobh istigh de chúig bhliain. Teastaíonn ó níos mó agus níos mó tuismitheoirí a bpaistí a sheoladh go dtí scoil lánghaelach agus léiríonn sé seo an-tóir atá tagtha ar an teanga.
Ná déan dearmad go bhfuil an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Teastas Sóisearach agus don Ardteist. Is rud an-tábhachtach é go bhfuil an Ghaeilge mar ábhar éigeantach mar léiríonn sé go gcreideann an rialtas go bhfuil an Ghaeilge an-suntasach ar fad. Cé go bhfuil láidreachtaí ag baint leis an nGaeilge mar ábhar scoile, tá laigí ann chomh maith.
Féach, mar shampla ar an Ardteist agus an Ghaeilge. Tá an meon ann go bhfuil an iomarca béim curtha ar stór focal agus aistí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Tá saibhreas ag baint leis an teanga ach níl an saibhreas sin le fáil sa chúrsa. Tá meon le fáil sa tír go bhfuil an Ghaeilge ródheacair le tuiscint agus bíonn drogall ar na scoláirí an t-ábhar a dhéanamh. Is gá dúinn fáil réidh leis an meon seo faoi dheireadh is faoi dheoidh.
Conas gur féidir linn an meon seo a athrú. Tá Sraith Shóisearach nua tar éis teacht ar an bhfód agus tá athruithe déanta don ábhar. Tá béim níos mó curtha ar an teanga, rud atá an-mhaith ar fad. Cheap muintir na tíre go mbeidh níos mó béime curtha ar an teanga labhartha sa Sraith Shóisearach nua ach níl sé seo mar atá. Tá go leor litríochta le fáil ann, rud a chuireann as go mór do scoláirí na tíre seo.
Cé go bhfuil ag éirí go maith leis an nGaeilge, is gá dúinn cuimhnigh gur theanga í atá i mbaol agus níl an cúrsa nua seo chun cabhrú leis an teanga a chur chun cinn. Tá seans an-mhaith ann go bhfuil sé chun a mhalairt ar fad a dhéanamh.
Cad gur féidir linn déanamh chun ár dteanga dhúchais a shábháil agus a chur chun cinn. Ní theastaíonn uainn an theanga a chaomhnú. Teastaíonn uainn go mbeidh an Ghaeilge mar theanga bheo. I láthair na huaire tá tíortha ar fud an domhain ag leagadh béim ar an bhféiniúlacht. Tá an Ghaeilge mar an rud is tábhachtaí atá againn ó thaobh an féiniúlachta de. Déan dearmad ar an alcól agus na leipreachán. Is í an Ghaeilge an rud atá chun ár indibhidiúlacht a chur chun cinn.
Tá baol ann nach mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil riamh arís agus is baol réalaíoch é seo. An rud is mó a chuireann as do dhaoine agus iad ag foghlaim teanga ná féinmhuinín. Tá eagla orthu botún a dhéanamh ach is gá botún a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh. Sin rud nach dtuigeann scoláirí nó daoine fásta. Mo chomhairle duit ná chun dul sa seans leis an nGaeilge. Ná bí buartha chun botún a dhéanamh, is cuid den fhoghlaim é.
Níl h’eol d’aon duine cad a bhéas amach anseo don ghaeilge. Níl a fhios againn cad a thitfidh amach. Bheadh sé náireach muna bhfuil ár dteanga againn i gceann 50 bliain. Ná lig do seo titim amach. Bain úsáid as bhur ngaeilge, fiú más focal nó dhó atá agat. Tá gach uile fhocal tábhachtach. Cuirfidh an focal nó dhó sin an Ghaeilge chun cinn. Le cúnamh Dé, beidh ár dteanga álainn fós ann don chéad ghlúin eile.