An Ghaeilge Ghlas: An nasc idir an gníomhaíochas aeráide agus stádas na Gaeilge

Image Credit: Kelly via Pexels

San alt seo, pléitear an nasc idir gníomhaíochas aeráide agus stádas na Gaeilge - nasc atá níos láidre ná mar a cheapfaí.

Agus an olltoghchán ag druidim linn, beidh na páirtithe polaitíochta go léir ag iarraidh gach sás agus áis a chur lena gcuid polsaithe, ach is gá dúinn díriú ar na ceisteanna tábhachtacha atá roimh an phobail don toghchaí. Is iad dhá cheist phráinneach ná an t-athrú aeráide agus an Ghaeilge, agus creidim go bhfuil siad níos baintí lena chéile ná mar a cheaptar. 

Chreid na págánaigh go raibh an t-osnádur fite fuaite le saol an ábhair, agus is féidir tionchar an chreidimh seo a fheiceáil fós in ealaín Éireannach, ó dhánta Seamus Heaney go hamhráin Hozier.

Cuir i gcás, má dhéantar machnamh ar na scéalta faoi na págánaigh sa tír seo, is féidir an nasc idir oidhreacht agus cultúr na hÉireann agus an dúlra a fheiceáil go han-soléir. Chreid na págánaigh go raibh an t-osnádur fite fuaite le saol an ábhair, agus is féidir tionchar an chreidimh seo a fheiceáil fós in ealaín Éireannach, ó dhánta Seamus Heaney go hamhráin Hozier. Tá an nasc seo léirithe go rí-shoiléir sa dán “Ceist na Teangan”, le Nuala Ní Dhomhnaill. Sa dán, is ionann an Ghaeilge agus eintiteas beo, mar gheall go bhfuil an Ghaeilge chomh leochaileach le leanbh ach chomh athléimneach leis an dúlra nuair a thugtar an deis di. Is léir gur féidir linn foghlaim ó fhadsaolaí na n-ealaíon in Éirinn. Is trí ábhar scéalta agus dánta na Gaeilge a choinneáil beo (ar nós an dúlra), ligimid don teanga maireachtáil. 

Ach cad eile is féidir a rá faoin gceangal idir an Ghaeilge agus an timpeallacht? Bhuel, tá feidhm phraiticiúil ag baint leis freisin. Maidir le cúrsaí eacnamaíochta, má dhéantar níos mó iarrachtaí maidir le hinbhuanaitheacht, ciallóidh sé sin go mbeidh níos mó turasóirí in ann teacht go ceantair ar fud na hÉireann. Tá sé léirithe arís agus arís eile go bhfuil idir tóir agus brabúsacht ag baint leis an éiceathurasóireacht. Mar shampla, tá an chéad óstán atá neodrach ó thaobh carbóin de in Éirinn i nDúlainn, agus tá fás 30 faoin gcéad tagtha ar an ngnó ó tháinig sé níos inbhuanaithe. Samhlaigh dá gcuirfí na hiarrachtaí glasa seo isteach sna Gaeltachtaí, bheadh raon éifeachtaí dearfacha ann. 

Sa todhchaí, tá na féidearthachtaí fáis gan teorainn. Sna meáin, de réir mar a tháirgtear níos mó ábhair faoin ngníomhaíochas aeráide, is dócha go spreagfaidh sé daoine chun an t-ábhar seo a chruthú ó pheirspictíocht Éireannach, agus as Gaeilge. Tá gníomhaíocht agus deiseanna fostaíochta ag baint leis seo; má tá éileamh ar ábhar, tá éileamh ar an ábhar sin as Gaeilge. Tá sé seo léirithe ag comhlachtaí ar nós Gaelchultúr, agus iad tar éis cúrsa faoi fhiontair inbhuanaithe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Is trodaithe muid, a chosain ár dtír ó roinnt drochathruithe nó ghníomhartha. Tá súil agam gur léirigh mé na cosúlachtaí idir cine atá ag fáil bháis agus teanga atá ag fáil bháis. 

Ina theannta sin, agus muid ag iarraidh athrú a dhéanamh ar domhan, ní féidir linn dearmad a dhéanamh go bhfuil athrú déanta againn cheana féin mar thír. Is trodaithe muid, a chosain ár dtír ó roinnt drochathruithe nó ghníomhartha. Tá súil agam gur léirigh mé na cosúlachtaí idir cine atá ag fáil bháis agus teanga atá ag fáil bháis. Bhuel, tá taithí againn leis an dá rud sin agus d’éirigh linn. Trí oibriú mar phobal agus troid ar son aon cheann de na cúiseanna thuas, spreagaimid troid ar son an chinn eile. 

Táim dóchasach go mbeidh níos mó airde tarraingthe ar an dá ábhar, agus go dtosóimid ag féachaint orthu mar shaincheisteanna fite fuaite. Éilíonn fadhbanna nua-aimseartha réitigh nua-aimseartha, agus go deimhin, peirspictíochtaí nua.