An Ghaeilge Domsa

Image Credit: Íomhá le buíochas do Sinead Mohan

Tuairiscíonn Mollie Ní Dhubháin faoin gaol atá aicí leis an teanga agus faoin poitéinseal atá ann don teanga amach anseo.

Cad a chiallaíonn Gaeilge domsa? Is ceist chasta í sin. Ar ndóigh, is cúis mhór bróid dom go labhraím an teanga náisiúnta agus go bhfuilim líofa sa Gaeilge mar is í an t-aon teanga líofa eile atá agam, rud atá beagánín buartha mar déanaim staideir ar an bhFraincis mar chuid de mo chéim ach sin scéal eile ar fad!

Ní raibh an Ghaeilge rud éigin a d’fhás me suas le. Níor rugadh mé leis an nGaeilge. Mhúin m’athair cúpla abairt dom mar shampla “go raibh maith agat”, “dia dhuit”, “oíche mhaith” agus na huimhreacha a haon go dtí a deich ach chun na fírinne a rá, níor aimsigh mé mo ghrá ná mo mheas ar an teanga álainn seo go dtí aois níos déanaí. D’fhás mé suas le cara darbh ainm Caoimhe agus chuaigh sí chuig Gaelscoil agus ba mhinic a labhair a clann gaelige sa bhaile. Chuir an tallann agus an paisean seo i leith teanga eile éad orm mar ba bhréa liom a bheith líofa. Bhí mé spreagtha chun Gaeilge a fhoghlaim agus chun Gaeilge a labhairt timpeall na tíre. De ghnáth, theastaigh ó thromlach na paistí na crainn is aired a dhreapadh ach mise, bhí mé ag iarraidh teanga nua a fhoghlaim, aisteach, tá a fhios agam. Ach, is duine iomaíoch mé agus mar sin bhí sé cosúil le comórtas chun an teanga seo a fhoghlaim chomh tapaidh agus a bhí mé in ann. Dá bhrí sin, bhí an Ghaeilge ina ábhar spéisiúil dom ó aois óg agus d’fhás an paisean agus an bród.

Deireann go leor daoine gur theanga mharbh í an Ghaeilge, ach ní aontaím le sin ar chór ar bith! Tá “Tír gan teanga, tír gan anam” i gcroí a lán daoine.

Ritheadh blianta agus d’éirigh mé i nGaelige ar scoil. Tá an t’ádh orm gurb iad teangacha na hábhar is fear liom mar ní haon dóchas ann dom sa mhata agus san eolaíocht. Ach is buntáiste breise agus spreagadh chum foghlama é nuair atá tú go maith ag rud éigin agus nuair atá spéis agat i rud éigin. Agus, ar ámharaí an tsaoil, bhí múinteoirí iontacha Gaeilge agam a bhí spreagúil agus spreagtha chun an teanga a mhúineadh.

Ag ceithre bliana d’éag d’aois, thiomáin mo thuismitheoirí ó Bhaile Átha Cliath go dtí an taobh eile den tír agus d’fhán mé i gConamara ar feadh trí seachtaine ar fad. Shroich mé an Gaeltacht, áit a raibh an Ghaeilge mar chéad teanga. D’fhéadfaí bród na teanga a mhothú san aer. Chuir na déagóirí óga eagla orm go raibh said in ann labhairt go líofa agus go tobann ní raibh an t-eolas a bhí agam ar an Aimsir Chaite agus conas labhairt faoi mo chaitheamh aimsire chomh húsáideach a thuilleadh chun dul i mbun comhrá. Ach, a bhuíochas leis an Gaeltacht, d’fhoghlaim mé a lán faoin teanga agus a húsáid ar feadh an tsaoil. Lean mo ghrá don Ghaeilge mar chuaigh mé chuig an Gaeltacht ceithre huaire. Bhí mé ag cánadh, ag damhsa, d’imir mé spóirt, bhí grá samhraidh agam agus anois tá cairde agam ó timpeall na tíre. Spreag sé díospóireachtaí le comhscoláirí faoin gcaoi a raibh an teanga seo tábhachtach agus mar ba ghá í a labhairt. Mhúin mé níos mó den teanga do m’athair le go bhféadfaimis comhrá gairid a bheith again faoinár laethanta. Agus tá post páirtaimseartha agam anois mar theagascóir Gaeilge. Mar sin, d’fhéadfadh duine a rá gur chothaigh an Gaeltachta mo mheas ar gaeilgeoirí agus spreag sé saol a mbeadh ról lárnach ag an nGaeilge ann.

Mar dhuine fásta, bíonn Gaeilge ag taisteal liom gach áit a dtéim. D’úsáid mé é le cairde thar lear, beagnach mar theanga rúnda nach bhfuil an pléisiúr agat í a labhairt. D’úsáid mé é i mo shaol laethúil le cairde. Agus déanaim é seo chun a thaispeáint go bhfaighidh mé gaeilgeoirí i ngach áit atá ag iarraidh comhrá a dhéanamh agus i ngach áit tá Gaeilgeoir eile. Gheobhaidh mé gaelgoirí i sochaithe ollscoile na hÉireann, sa Ghaeltacht, i gcruinnithe cumann agus ansin gheobhaibh mé daoine leis an paisean céanna ar an tsráid, i mbialanna, ar na meáin shóisialta, i dtíortha eile ar mian leo comhrá a bheith acu. Mar sin, labhraím Gaeilge chun a thaispeáint go bhfuil grá na teanga ag cainteoirí gaeilge i ngach áit. Uaireanta is aithreacha iad ag múineadh dá gcuid páistí “dia duit” nó uarieanta is múinteoirí gaeilge nó daoine sa Gaeltacht ag labhairt Gaelige go líofa. Ansin, léirímid go bhfuil an Ghaeilge beo agus folláin.

Deireann go leor daoine gur theanga mharbh í an Ghaeilge, ach ní aontaím le sin ar chór ar bith! Tá “Tír gan teanga, tír gan anam” i gcroí a lán daoine. Dá bhrí sin, níl sé cothrom a rá gur teanga marbh é. Mar chailín óg nach raibh a fhios aici ach “an bhfuil cead agam dul go dtín an leithreas?” do chailín a scríobhann alt faoi “An Ghaeilge domsa”, taispeánann sé seo an chaoi a bhfuil an Ghaeilge forleathan cé acu a d’fhás said suas i nGaeltacht nó nach ea. Aontaím go hiomlán go dteastaíonn tuilleadh airgead agus comhairle ach domsa, is cuid de m’aitheantas Éireannach, mo smaointe agus mo thodhchaí é Gaeilge agus tá go leor eile cosúil liomsa. Dá bhrí sin, chun an cheist a fhreagart faoi cad a chiallaíonn Gaeilge domsa, ciallaíonn sé gach rud. Is bród é, is grá é, is cuid den bhaile é.