Tá rudaí móra faoi bhun faoi láthair ag ceoltóirí na tíre. Le cúpla bhliain anuas tá céimeanna á ghlaca ag cantóirí agus bannaí cheoil i mBaile Átha Cliath agus mór thimpeall na tíre. Tá clú agus cáil aimsithe ag a leithidí de Dermot Kennedy go h-idirnáisiúnta - ach cé h-iad na ghrúpaí agus cantóirí atá réidh anois chun an cáil sin a bhaint amach?
Luíonn fréamhacha áitiúil go UCD ag an bhanna cheoil Inhaler - bunaíodh iad in St. Andrew’s College i mBaile an Bhóthair. Is é cantóir Inhaler, Elijah Hewson, mac le cantóir U2, Bono - ach tá an banna seo ag cruthú a h-íomhá féin. Is iad Robert Keating (dordgiotár), Josh Jenkinson (Giotár) agus Ryan McMahon (Drumaí) na bhaoil eile den ghrúpa. Bunaíodh an ghrúpa go h-oifigiúl faoin ainm “Inhaler” in 2015 agus d’eisigh siad a chéad singil, “I Want You”, i 2017. Tá rath aimsithe acu ó shin, agus tá seacht shingil eisithe acu go dtí seo, ar nós “It Won’t Always Be Like This” agus “My Honest Face” - ar eistíodh leis níos mó ná 8,000,000 uair ar Spotify. Faoi láthair, tá 546,000 éisteoirí mhíosúil acu freisin agus tá aitheantas á fháil acu go hidirnáisiúnta chomh maith. D’éirigh leo an cúigiú áit a aimsiú in vóta ag an BBC - Sound of 2020. Tá fuaim rac-cheol indie ag an mbanna agus tá comparáid déanta eatarthu agus bannaí cháiliúla éagsúla, ar nós U2 agus Echo & The Bunnymen. Níl ach tús á gcur ag Inhaler dá dturas sa tionscal cheoil, ach tá todhchaí gheal acu amach anseo.
Ceoltóír eile a bhfuil áitiúil go UCD é Malaki. Iarscoláire de chuid Oatlands college é, agus bualifear leis go rialta mór thimpeall ceantar Stigh Lorgan. Tá Malaki thrialach agus tá réimse fhairsing fuaimeanna le h-aimsiú ina cheoil, cé nach bhfuil dioscliosta fhada aige go fóill. Tá cúlra aige sa bhfocal labhartha agus tá sé seo le chloisteáil ina gcuid liricí - go háirithe ina chéad shingil, “Call us by Our Names”. Tá fuaim shainiúl á chruthú aige - ar nós an fuaim atá le chloisteáil san amhráin “Cuppa Tea”. D’eisigh sé a chéad EP, “Butterfly Boy”, in 2019. Tá níos mó ná 200,000 éisteoirí mhíosúil aige ar Spotify agus tá amhráin aige le Lucy McWilliams, “Fair Play”, a d’eisíodh i mí Aibreán, i nidiaidh 1.6 milliún sruthanna a fháil. Déanann Malaki saol na h-óige i mBaile Átha Cliath a phlé agus ní chúlaíonn sé ón taobh dorcha den tsaol chéanna. Tá fás ollmhór tagtha ar lucht éisteachta Mhalaki le linn an chéad dianghlasála de bharr an tionscadal “Cocoon”. Thosaigh an tionscadal amach le plean chun 5 shingil a chuir amach gach dhá seachtain agus de bharr amhráin ar nós “Baby Bubblegum” agus “Cavalier” tá méadú ag teacht ar thacaíocht an bhfear óg seo.
Tagann Gemma Dunleavy ó Shráid Sheriff i gcathair Bhaile Átha Cliath. D’eisigh sí a céad singil, “Better 4 U” anuraidh agus lean an céad EP aicí, “Up De Flats” i mí Iúil 2020. Tá ard-mholadh tuilte aicí de bharr nach bhfágann sí a aiceann sainthréitheach ionchathrach ar lár ina cuid canadh. Céiliúraíonn sí a pobail áitiúil Sráid Sheriff ina cuid amhráin agus tá níos mó ná 200,000 sruthanna déanta ar an chéad singil ón EP, darbh ainm “Up De Flats” chomh maith. Bíonn cláirseoir ag seinm leí beo ag ceolchoirmeacha Gemma. Is sa ceol rince den chuid is mó a luíonn iarrachtaí Gemma, ach tá bhlas den RnB le h-aithint chomh maith. Tá sí leithleach ina cuid canadh sa slí go coimeadann sí an bhlas Átha Cliathach a scoitheann a lán cantóirí ón gceantar. Is ionspráid í d-ealaínteoirí óga ón ceantar céanna agus impíonn sí orthu gan a mblas a chailleadh. In agallamh a ndearnadh sí leis an Irish Examiner, i leith an bhlas céanna, dúirt sí; “Be Proud of that, bring it into the theatre, and into the studio, and into the lecture halls of your colleges. Bring that into Áras an Uachtaráin. Don’t leave your accent.” Leis an gcineál dearcadh sin, is cinnte go mbeidh todhchaí fiúntach ós a comhair.
Is grúpa rapcheol iad Kneecap a dtagann ó Iarthar Bhéal Feirste. Tá beirt MC sa ghrúpa - Mo Chara agus Móglaí Bap - atá in éineacht le DJ Próvaí. Tháining an ghrúpa le céile i 2017 i ndiaidh Acht na Gaeilge in Stormont sna 6 chontae. D’eisigh siad an amhrán “C.E.A.R.T.A” sa bhliain céanna gan trácht ar ceol a dhéanamh go ghairmiúil, ach nuair a tháining cáil orthu i ndiaidh eisiúcháin na h-amhráin, leanadar leis. Tá a gcuid ceolchoirmeacha iomráiteach de bharr go mbíonn siad ag gríosú an lucht féachana chun páirt a ghlacadh agus bheith ag léim thart. Déanann an ghrúpa rapáil i nGaeilge agus i mBéarla agus tá teachtaireachta Phoblachtach le bhraith ina gcuid amhráin, a n-oireann do méad mhór den dream Phoblachtach sa Tuaisceart. Tá conspóid tarraingthe ag an ngrúpa orthu féin go rialta - mar thoradh ar na tagairtí pointeáilte a dhéanann siad go bpolaitíocht na Tuaiscearta. Freisin sin, bhaineadh an ghrúpa den stáitse sa Chlubhouse i UCD anuraidh le linn Seachtain na Gaeilge - ach níl aon dul as go bhfuil móréilimh orthu mór thimpeall na tíre, go háirithe le linn na h-aosa óig. Tá níos mó ná 650,000 sruthanna déanta ar an singil is déana ag an ngrúpa, “Get Your Brits Out”.
Is mianach óir é an dream óg ceoltóirí seo atá ag cruthú ghairm dóibh fhéin san earnáil cheoil. Siúd atá pléithe agam thuas, is sampla iad den raon iontach cheol atá á gcruthú sa tír seo le déanaí agus faoi láthair. Le tamall anuas is féidir a rá go bhfuil ganntanas cheoltóirí Éireannacha a bhfuil ag éirí leo aitheantas idirnáisiúnta a fháil. Tá glúin ann faoi láthair, áfach, a bhfuil an cumas acu dul agus an aitheantas sin a fháil. Gan tagairt déanta fiú go Denise Chaila, Orla Gartland, Fontaines DC, Kojaque agus mórán eile, tá scatadh ollmhór rannpháirtithe eile, tá glúin úrnua cheoltóirí á gcothú iad féin in Éireann.