An cuireadh chun cairdis

Agus muid ídithe i ndomhan mór na líonraí sóisialta níos mó ná riamh, ceistíonn Meabh Ní Choileáin na hathruithe atá tagtha ar thuiscint na glúine seo ar bhrí cairdisIs rud é a tharlaíonn dúinn go rialta; más ag déanamh ár mbealach trí chlub oíche atá muid nó trí champas na hollscoile fiú, is docha go gcasfaimid ar cara linn in éineacht le cara leo. Dúinne, is strainséir é an duine sa bhreis seo ach, ag cloí le béasaíocht sóisialta bunúsaigh, níl le déanamh againn ach beannacht dóibh agus leanfaidh an saol ar aghaidh. Tasc éasca go leor don chuid is mó againn, gan dabht, ach sa lá atá ann inniu, is léir nach é seo sínteacht na cása.Ní sásúil go leor an freagairt seo ar bhualadh le duine nua níos mó agus cé nár chas tú ar an duine seo ach uair amháin, dár leis an ath-sainmhíniú atá tugtha againn don téarma ‘cairdeas’, tá an beirt agaibh incháilithe anois chun bhur gcaidreamh (nó neamh-caidreamh) a thógáil níos faide agus a bheith mar cibear-cairde.Lastigh d’aon lá amháin (dhá lá ar an uasmhéid) déanfar mear-fhorbairt ar an gcaidreamh eadraibh agus anois, ní hamháin go mbeidh sloinne an duine seo ar eolas agat, beidh lán cead isteach agat ar a shaol phearsanta chomh maith; grianghraifeanna, eolas, cairde, suimeanna agus gach rud eile atá sé sásta roinnt go poiblí.D’fhásamar aníos leis an smaoineamh nach chóir dúinn breithiúnas a thabhairt ar leabhar  de réir a gclúdach agus más fíor sin, cinnte ba chóir go mbaineadh an riail céanna sin le leathanach próifíle duine. Cé go bhfuil ár mbealaí féin againn chun ainailís a dhéanamh ar dhaoine, an féidir linn a bheith muiníneach as an méid eolais a sholathraíonn suíomhanna ar nós Facebook dúinn, agus muid ag iarraidh léargas a fháil ar phearsantacht duine?Tar éis cúpla uair  chloig a chaitheamh ar leathanach do chibear-chara nua, tá an príomheolais a theastaíonn uait faighte agat; tá a chuid buanna agus lochtanna aibhsithe agat agus ní gá duit breis taighde a dhéanamh air.An bhfuil tuiscint den ghreann chomh lag sin aige go dtaitníonn na ngrúpaí conspóideacha faoin Aifreann leis? An bhfuil an méid atá “ar a intinn” níos oiriúnach d’oifig na teiripeora ná mar atá sé don fotha nuachta? An mbíonn an ciorcal glas in aice lena ainm ar lasadh i gcónaí, pé am den maidin atá ann?Tá an iomarca eolais á thabhairt amach againn do dhaoine nach bhfuil aithne go leor againn orthu. Leis sin, tá dearchtaí á chruthú againn ar a chéile agus is minic nach cruinn iad na dearchtaí seo ar chor ar bith. Cé go mothaíonn tú go bhfuil freagraí na mórceisteanna faighte agat ó Facebook, an bhfuil triail cothrom faighte ag do chibear-chara?  An bhfuil a sheans caillte aige bheith mar fíor chara leat?Tá díghrádú tagtha ar an téarma ‘cairdeas’ de bharr teacht na láithreáin líonraithe sóisialta agus ní chiallaíonn breis is 500 cara ar líne go mbeidh breis is 500 duine ann duit in am an ghátair. Tá difríocht mór idir na daoine ar an taobh eile den scáileáin agus na daoine atá os do chomhair ach is difríocht é seo nach féidir le go leor daoine a aithint níos mó.Ní chóir go mbeadh gach eolais fúinn ag duine nua lastigh de chliceáil amháin; tá ceart chun príobháideachta againn agus ba chóir dúinn é sin a chleactadh. Tá an rúndiamhair agus an flosctha a thagann le daoine nua á scriosadh againn agus ní mór dúinn iad a éileamh arís.Mar sin, nuair a chasaimid ar duine iomlán nua nó fiú ar chara-le-cara ó ba chóir dúinn iarracht a dhéanamh staonadh ó chuireadh chun cairdis a sheoladh chucu láithreach, mar iarracht an norm sóisialta is déanaí a dímholadh. Ní gá bheidh i do bhall de ghrúpa ar líne chun a thuiscint nach mar seo a bhí cúrsaí “nuair a bhíomar níos óige” agus go bhfuil rudaí éirithe i bhfad ró ‘úspánta’ ag an bpointe seo.GluaisÍdithe – consumedLíonra sóisialta – social networkBéasaíocht sóisialta – social etiquetteIncháilithe – eligibleCibear-cairde – cyber friendsDíghrádú – degradationCeart chun príobháideachta – right to privacyDímholadh – discourageÚspánta – awkward