An Chaighdeán oifigiúil vs canúintí áitiúla- cén ceann an ceann is fearr?

Dar leis anbhfoilsiú is deireanaí don Chaighdeán Oifigiúil (2017), ‘beart ceannródaíoch’ abhí in sa chéad foilsiú dá gcuid i 1958 a rinne ‘caighdeán do ghramadach naGaeilge’ a sholáthair. Is léir gur ghlacadh go huilíoch leis an gcaighdeán seoó shoin, go háirithe maidir le chúrsaí oideachais; is léir chomh maith, don tésin a bhfuil Gaeilge a labhairt ina gceantair, go mbíonn difríochtaí suntasachale sonrú go minic idir an caighdeán oifigiúil agus a gcanúintí féin. B’é mothuairim-sa i gcónaí gur bhfearr i bhfad an Ghaeilge áitiúil ná an Ghaeilgechaighdeánach mar bíonn sí níos nádúrtha agus níos bríomhara ar ndóigh, agus,thar rud ar bith eile, mar cuireann sí an baile i gcuimhne i dtólamh dom. Sinráite, ní thig a shéanadh go mbíonn go leor buntáistí ag baint leis an gcaighdeánoifigiúl chomh maith.

Ar an gcéad dul síos, cothaíonnan caighdeán oifigiúil cruinneas sa Ghaeilge scríofa agus labhartha, rud adhéanann cumarsáid ar bith trí mheáin na Gaeilge a neartú, go hoiread idirdhaoine a bhfuil canúintí difriúla acu. Mar sin de, thig a rá go bhfuil an caighdeánoifigiúil ina acmhainn a dhéanann na deighilt idir dhaoine ón uile cheantar achur as an mbealach, mar tuigtear í go forleathan. Mar an gcéanna, dar gobhfuil an gcaighdeán oifigiúil ar an ionann ar fud na tíre, bíonn níos mó seansag an té a fhoghlaimíonn an Ghaeilge ón mbonn a bheith ar an gcomhchéim (óthaobh líofachta de) leis an té an bhfuil an teanga ó dhúchais acu. Thig anargóint a dhéanamh fosta go mbaineann níos mó inchreidteacht leis an gcaighdeánoifigiúil ná leis na canúintí áitiúla mar is beag an difear corr an uair idirnathanna cainte áitiúla agus an Béarlachas – cuir i gcás an cleachtadh coitianta i nDún na nGall ná an ruball‘-áilte’ a cheangal ag deireadh aidiacht Béarla (mar shampla, ‘fair-áilte’)nuair a bhítear ag caint go neamhfhoirmiúil, cé nach gcloíonn sé seo leis angcaighdeán oifigiúl.

Ar an taobh eile den scéal, isiomaí bua ag ná canúintí áitiúla thar an nGaeilge chaighdeánach. Is cinnte gogcuireann nathanna cainte áitiúla go mór le féiniúlacht cheantair naGaeltachta. Tá na canúintí áitiúla suimiúil chomh maith i gcomhthéacsstairiúil, mar is minic a thig ceangal a shonrú idir sanasaíocht nabhfocal agus stair na háite (glac marshampla an frása ‘imigh leat go Poitigéar’ (‘imigh leat i dtigh an diabhail’) a deirtear i gcoirneáil áirithe idTír Chonáil, agus a dhéanann tagair ar an mbaile beag Poitigéar- tá i bhfadníos mó den stair áitiúil sainráite sa frása seo nach a bhfaighfeá le frása ginearáltacaighdéanach). Go minic bíonn sé níos fusa fosta do chainteoirí Gaeilge adtuairimí agus a gcuid mothúcháin a chuir in iúl agus iad ag baint úsáid as agcanúintí dhúchaise féin, mar bíonn an Ghaeilge níos neamhfhoirmiúil agus níbhíonn an oiread béime ar an ngramadach chaighdeánach.

Mar sin de, caithfear a theacht leis gobhfuil a dtábhacht féin ag baint leis an dá mhodh cainte atá thuasluaite. Sasaol atá inniu ann, a bhfuil daoine ó cheann ceann na tíre i dteagmháil lechéile go minic (i gcomparáid leis an tseansaol inár raibh níos mó srianta ardhaoine), tá sé thar a bheith tábhachtach caighdeán oifigiúil Gaeilge a bheithagainn a dtuigtear go forleathan (go hoiread i gcomhthéacs foirmiúil); mar angcéanna, ba chóir achán mheas a bheith ar na canúintí áitiúla uilig marcuireann siad go mór le héagsúlacht agus le beocht na Gaeilge.