An bhfuilimid ag cruthú teanga a fhreastalaíonn ar a cainteoirí nó ag dul thar fóir le ceartaiseacht pholaitiúil?

I bhfocail Chiara, níl sé ceart go leor do lucht fhreasúra na teanga a dtuairimí gan chiall agus gan choinne a bhrú orm.
B’fhéidir gur seannuacht é an dioscúrsa a tharraing Ciara Ní É i mbéal an phobail le déanaí leis an haischlib ‘NílSéCGL’ a thosú ar líne. Deis a bhí ann do lucht labhartha na Gaeilge a gcosa a chur i bhfeac ó thaobh na teanga de ar an ardán is mó sa lá atá inniu ann mar a déarfadh roinnt daoine: na meáin shóisialta. Agóid a bhí ann i gcoinne na ndaoine a chaitheann anuas ar an teanga agus a gcainteoirí agus na hargóintí céanna i gceist acu an t-am ar fad. Múinteoirí go hainnis, Peig Sayers, teanga mharbh, Peig, teanga Chaitliceach agus Peig (an bhean bhocht) a chloisim féin ó dhaoine nach bhfuil fiú aithne agam orthu an t-am ar fad. I bhfocail Chiara, níl sé ceart go leor do lucht fhreasúra na teanga a dtuairimí gan chiall agus gan choinne a bhrú orm. Níl sé ceart go leor ionsaithe a dhéanamh ar an teanga. Is annamh a thugaim rud ar bith ach amháin an chluais bhodhair do na hargóintí, ach tarlaíonn sé go bhfuil ní amháin a deir siad agus sílim go mb’fhéidir go bhfuil ar a laghad snáth céille ag baint leis. An argóint sin ná gur ‘Teanga Chaitliceach í an Ghaeilge’.D’eascair an pointe seo idir scata Gaeilgeoirí agus an t-ochtú leasú á phlé acu. Ba mhaith liom a áitiú ar dtús go bhfuilim ar an eolas faoin oiread téarmaíochta graosta atá i láthair agus a bhíonn in úsáid i dteanga na Gaeilge idir nua agus sean. Níor mhór do dhuine ach giota filíochta le Nuala Ní Dhomhnaill,  le Máire Mhac an tSaoi nó seanthéacsanna ar nós Cúirt an Mhéan Oíche le Merriman agus téacsanna atá níos sine fós a léamh chun bualadh le stórfocal nach mbeifeá sásta úsáid os chomhair thuismitheoirí do chéile! Fiú amháin, dá gcaithfeá súil ar logainmneacha na hÉireann Magairlí an Deamhain, Magairlí Muice agus An Dá Chích (cíoch atá i gceist, dála an scéil), d’fhéadfá a bheith cinnte nach mbeidís á gcloisteáil ó shagairt an pharóiste agus é i mbun aifrinn ar an Domhnach! D’ainneoin seo, áfach ar an drochuair ní féidir tionchar an Chaitliceachais a sheachaint sa Ghaeilge leis an méid tagairtí a dhéantar don fhear mór agus a chomrádaithe Muire agus Pádraig. Níl Máirtín Tom Sheáinín i gceist agam mura thuigeann sibh mé, faoin am seo (By Deaid) Dia é féin atá i gceist agam! “Dia Duit” “Dia is Muire Duit” “Dia is muire is Pádraig duit” agus leanann an liosta ar aghaidh, “buíochas le Dia” agus “le cúnamh Dé” agus fiú amháin “Magairlí Phádraig”! OK b’fhéidir cur chum mé féin an ceann is déanaí a luadh ach tá mo chuid ráite agam agus an argóint áitithe: tá téarmaíocht an Chaitliceachais ann freisin, chomh maith an stuif atá níos gnéasaí.
D’ainneoin seo, áfach ar an drochuair ní féidir tionchar an Chaitliceachais a sheachaint sa Ghaeilge...
Maidir leis an díospóireacht ar an Ochtú Leasú, áfach, d’áitigh duine amháin, nach réitíonn teanga na Gaeilge leis an nginmhilleadh díreach mar gheall ar an bhfocal féin atá againn don acht. Is éard atá i gceist ag an téarma, ar ndóigh, ná go ndéantar an gin a mhilleadh. Téarma nach bhfuil timpeall chun an teampaill ar chor ar bith. Bhí an bhean úd ar son an reifrinn agus bhí sí díreach ag rá nach réitíonn na foirmeacha agus na focail ársa le nuachainteoirí na teanga uaireanta mar gur teanga reiligiúnda í, dar léi. Mar eolas, an  freagra a tugadh di ó dhuine eile ná ‘[gur] féidir a bheith i gcoinne an ghinmhillte gan a bheith i do dhuine cráifeach’ ach ní chuige sin atá an t-alt seo! Ag bogadh ar aghaidh ón reifreann agus an teanga á plé againn, b’fhéidir go raibh an ceart aici, agus mar sin (cé nár mhaith liom é admháil) ag lucht a bhfuil fuath acu do Pheig agus don teanga agus do na múinteoirí bochta a bhí acu ar scoil nach raibh an dara rogha acu ach scéal Pheig a léamh agus mar sin de. Tá téarmaí sa Ghaeilge a bhfuil seanbhunús acu i gcúrsaí Críostaíochta.Éiríonn an cheist mar sin an fheileann an teanga do chainteoirí nach bhfuil creideamh acu? Caithfidh teanga a bheith feiliúnach do lucht a labhartha, sin an fáth ar fhorbair Béarla na Éireann agus go bhfuil sé chomh difriúil ó Béarla atá labhairt i Sasana. An fáth chéanna go bhfuil téarmaíocht dhifriúil ag na hEiscimeach le cur síos ar shneachta. An bhfuil gá mar sin, le forbairt agus leasú a dhéanamh ar théarmaíocht nó an bhfuil sé sin thar fóir?  Déantar a leithéid de rud le teangacha an Bhéarla agus na Fraincise chomh maith, mar shampla le bunús an fhorainm ‘Xe’ le bheith neodrach ó thaobh inscne de, ‘Herstory’ in ionad ‘History’  chun an t-aitheantas a thabhairt do mhná, agus foirmeacha atá baininscneach do na gairmeacha sa Fhrainc – nithe a bhí firinscneach i gcónaí go stairiúil seachas na poist a bhí ceapaithe do mhná go traidisiúnta .i. une infirmiere (altra). Leis sin san áireamh, is dócha nach n-aontaím leis na hathruithe, díreach ó thaobh caighdeán teanga de. B’fhéidir go bhfuilim beagáinín coimeádach ina dtaobh – níl a fhios agam. Caithfidh mé a rá, áfach, mar chainteoir Gaeilge, is fíor annamh go mbainfinn úsáid as an téarma ‘Dia Duit’ ach déarfainn ‘Haigh’, nó fiú amháin i gcásanna ‘Hey’ (an bhfuil gá le leagan Gaeilge – ‘hé’ a mholfainn). Ní dhearna mé mórán machnaimh air go dtí seo, ach is dócha go mbaineann sé le cúrsaí ama thar agóid i gcoinne na heaglaise nó ag seasamh ar son cearta don dream LADT+ atá mé. An gcaithfimid mar sin, glacadh le teanga mar theanga agus ceartaiseacht pholaitiúil a mheas lasmuigh di? Diabhal a fhios agamsa...