An ag magadh faoin nGaeilge atá an Rialtas

An féidir a rá go fírinneach go bhfuil aon suim ag an rialtas i gcúrsaí teanga na Gaeilge nó nach ach ag magadh fúithi atá siad?

Is minic a fhágtar an Ghaeilge ar leathaoibh, ní bhactar léi i gceart agus nuair a chaitear aghaidh ar fadhbanna na Gaeilge ar deireadh thiar thall, déantar an post ar caighdeán íseal. Is iomaí sampla a bhíonn ag muintir na Gaeilge, ó fhadhbanna beaga laethúla go cruachesiteanna práinneacha, nach ndéantar a réiteach i gceart toisc gur ag baint leis an nGaeilge atá said. 

Ar an rialtas atá an locht no an bhfuil an rialtas ag feidhmiú ar son an gnathduine agus gur ró-chuma leo siúd, an isteach nó amach atá an ghaeilge?

Suíomhanna idirlíon le leagain Gaeilge atá beagnach dothuigthe, fógraí le litriú agus grammadach míchruinn, serbhísí stáit a chuirtear ar fáil le Gaeilge bhriste nó comhlachtaí móra tábhachta nach bhfuil sásta glacadh leis an síneadh fada. Níl anseo ach roinnt de na fadhbanna a bhíonn le sáru ag muintir na Gaeilge gach lá agus is ag lámha an rialtais atá muid ag streachailt. Roinn den rialtas a chuireann an suíomh “Faisnéis do Shaoránaigh” ar fáil, suíomh atá lofa le botúin gramadaí. Roinn eile den rialtas a chumann na fógraí bóithre. Fógra a deir “Bridge number” as Béarla agus “droichead uimhir” as Gaeilge nó “Cálslá agus Dipíní” in ionad “Coleslaw and Dips”. Thuigfeadh éinne le roinnt eolais ar an nGaeilge gur uimhir droichid a choir a bheith ann agus gur aistriúchán díreach on mBéarla atá i “droichead uimhir”. D’fhéadfaí a rá gurb é sin an fhadhb is mó atá ag dó na gceirbe againn maidir le leaganaacha Gaeilge a chuirtear ar fáil, droch-aistriúcháin on mBéarla díreach isteach sa Ghaeilge. De réir an bhunreacht, tá an stádas cheanna ag an nGaeilge agus ata ag an mBéarla, ach fós déantar gach rud a scríobh agus a chumadh as Béarla agus is ansin a thugtar smaoineamh don leagan Gaeilge. Ní hamháin son, ach bheadh sé chomh éasca duine nó dhó a fhostú chun aistriúcháin chumasacha, slactmhara a dhéanamh agus leagan Gaeilge mhaith a chur ar fáil. 

Ní féidir fiú tagairt a dhéanamh do na comhlachtaí móra, nach nglacann leis an síneadh fada. Níl ciall ag baint le focail nó ainmneacha Gaelacha gan na sínte fada tóg fear agus féar mar shampla, dhá focal éagsúil ag braith ar an síneadh fada. De réir an HSE, tá an córas ríomhaireachta atá acu ró-shean chun glacadh le síneadh fada agus go mbeidh córas nua le teacht sna blianta amach romhainn. Leithscéal i ndiaidh leithscéal a chloistear agus gan réiteach ar bith ar fáil. Feictear easpa tacaíochta don Ghaeilge, gníomhaithe an rialtais mall agus iad ag cosaint cuid lárnach den Ghaeilge, an síneadh fada. 

 Fadhbanna agus deacrachtaí laethúla is iad na samplaí atá luaite agam thuas. Cuireann sé seo frustrachas ar phobal na Gaeilge agus is léiriú é ar an easpa suime atá ag an rialtas sa Ghaeilge. Fadhb i bhfad níos tromchusaí, i mo thuraimse, ná an córas oideachas a mhúineann an Ghaeilge. I 1980, laghdaíodh an méid ama a chaitear ar an nGaeilge a mhúineadh sna bunscoileanna ó 5 huaire an chloig go 3.5 huaire an chloig. Anois, agus an rialtas ag iarraidh foghlaim teangaí iasachta a spreagadh sna bunscoileanna, tá amhras ann go ndéanfar an t-am a thugtar chun díriú ar an nGaeilge a laghdú arís. I “dTuarascáil an phríomhchigire 2016 go 2020”, dúradh go raibh droch chaighdeán Gaeilge á múineadh sna bunscoileanna agus go raibh caighdeán na Gaeilge i bhfad níos ísle ná an caighdeán i gcroí-abhair eile. Is bocht an scéal é i ndáiríre.  

Sna meanscoileanna, ní dhearna ach 50% de dhaltaí na hArdteiste Gaeilge ar an ardleibheal i 2020. Ní féidir a rá go cinnte an mar gheall ar easpa suime no droch-mhúineadh atá sé, go roghnaíonn leath de dhaltaí na tíre tabhairt faoin ghnáth leibhéal sa Ghaeilge, meascán den dá rud is dócha. Ní spreagann cúrsa Gaeilge na hArdtesite aon suim san ábhar agus nuair a chuirtear droch-mhúineadh isteach sa mheascán lofa son, ní aon ionadh é go roghnaíonn leath de dhaltaí na tíre gan bacadh leis an ard leibhéal. Do na daltaí seo is dúshlán dodhéanta atá ann agus tá an dualgas ar an rialtas córas oideachas a chur i bhfeidhm a thugann na scileanna agus deiseanna cearta ar fáil do dhaltaí ionad go bhfuil Gaeilge ar an ard leibhéal ar a gcumas acu. Nóta dóchais amháin atá ann ná gur tháinig méadú éigin ar an bhfigiúr ó 2016 i leith, é thíos ag 42.6% in 2016. 

Bhí leibhéal T1 agus T2 ar na balcáin ag an rialtas ar feadh tamaill, páipéar ard leibhéal amháin a bheadh níos deacra do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaelach agus leibhéal eile do na scoileanna Béarla. Rud a chur olcas ar daltaí agus múinteoirí fud fad na tíre ná nach mbeadh aon phointí breise ann don leibheal T1. Arís easpa suime á léiriú ag an rialtas sa Ghaeilge; sheift mhaith a bheadh ann páipéar níos deacra a chruthú do na daltaí atá líofa sa Ghaeilge. Dúshlán maith a leagan amach, blas níos saibhre a thabhairt dóibh i gcúrsaí liteartha na Gaeilge agus suim a spreagadh sa theanga. Cén spreagadh atá ann áfach, níos mo oibre a dhéanamh gan aon chúiteamh? D’fhéadfaí go héasca córas cosúil leis an mata a bhunú, áit ina bhfuil roinnt pointí breise ag dul don ard leibhéal. Cinnte ní plean foirfe a bheadh ann, agus is cosuil go mbeadh buntiaste ollmhor ann do dhaltaí na Gaeltachta agus na Gaelscoileanna. 

Mar a duras thuas, is minic a chaitear le fadhbanna na Gaeilge ag an nóiméad deirneach agus tugann cinneadh rialtais a déanadh le déanaí léiriú láidir forghruama ar an bhfadhb seo. Roimh na nollag, roghnaíodh an t-aire sóisearach Patrick O’Donovan mar aire stáit nua, le freagracht speisialta don Ghaeltacht agus nach díomách an cinneadh a bhí ann. Deir Patrick féin go bhfuil a chuid Gaeilge “beagnach caillte” aige agus in agallamh le TG4, d’admhaigh sé go ndearnadh an cinneadh maidir le cé a cheapfaí mar aire Gaeltachta ag an nóiméad deirneach. Léiriú soiléir a bhí anseo, nach é an Ghaeilge an chloch is mó ar phaidrín an rialtas. Is post thar a bheith tábhachtach é an t-aire Gaeltachta agus is mór an masla atá ann, aire a cheapadh lena Ghaeilge “beagnach caillte”. Cén tuiscint a bheadh ag aire, nach labhraíonn an Ghaeilge go laethúil, ar saol an duine a chónaíonn trí mhean na Gaeilge? Conas gur féidir a rá go fírinneach, go bhfuil suim mhór acu sa Ghaeilge, agus an teanga beagnach caillte acu? Agus an féidir an rialtas a chreidiúint, iad cinnte go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach dóibh, agus iad a déanamh droch-chinntí fhuarbhruite maidir leis an nGaeilge? Ceisteanna tábhachta iad seo nach agamsa atá na freagraí. 


 

Feidhmíonn an rialtas ar son an ghaeilge ó am go chéile. Tóg mar shampla stádas na Gaeilge san Eoraip; tá stádas iomlán oifigiúil aici agus í ag an stádas chéanna leis na teangaí Eoraipeacha ar fad eile. An rialtas a bhí i gceannas ar seo a bhaint amach agus is maith an rud son. Ach ní leor son. Ní leor leagan Gaeilge chruinn a chuir ar fáil ná fógraí bóithre intuigthe a dhearadh nó fiú an stádas chéanna a thabhairt don Ghaeilge. Is é sin an bunchloch agus ba chóir go mbeifear ag súil leis an méid son. Caithfear i ndáiríre meon iomlán an rialtas a athrú ionad go dtugtar meas don teanga agus go gcaitear léi mar aon leis an mBéarla. Ní míbhuntáiste atá sa Ghaeilge ach buntáiste ollmhór agus is cuid lárnach dár gcultúr agus féiniúlacht í. An bhfuil an rialtais ag magadh faoin nGaeilge? Measaim nach bhfuil. Ach an gcruthaítear an ndéantar an t-íomhá son a chruthú agus iad ag caitheamh go leisciúil leis an nGaeilge? Seans maith é.