
Ag déanamh agóide ar thorthaí daonlathach
By Peadar Ó Maoltuile | Nov 30 2016
Nuair a déantar cinneadh go daonlathach, an bhfuil ceart ag daoine dul ina choinne agus agóid a chéanamh faoi? Roineann Peadar Ó Maoltuile a chuid tuairimí[br]DÉARFAINN go bhfuil fhios ag madraí na sráide faoi thoradh toghchán Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá faoin am seo. Pé scéal é, tar éis bua an Trumpach, ní fheicimid madraí ar na sráideanna ach daoine feargacha ag déanamh agóide timpeall na tíre. Cibé rud a cheapann sibh féin faoin 45ú hUachtarán ar SAM (agus táim den tuairim láidir go bhfuil ionbhá ag an chuid is mó daoibh le haghaidh na hagóideoirí), is fiú iniúchadh a dhéanamh ar agóide ar thorthaí daonlathach. An bhfuil siad dleathach agus an fiú iad a dhéanamh?Ar dtús, ba mhaith liom sracfhéachaint a ghlacadh ar na fáthanna taobh thiar den fhearg atá le mothú ar fud na tíre. Dar ndóigh, is í an phríomhchúis ná na conspóidí go léir a bhain leis an feachtas fada nimhneach a rith Donald Trump. Ba bheag lá a chuaigh tharainn nach raibh scannal éigin nua le cloisteáil faoi. Spreag Trump ciníochas agus gnéasachas i measc a lucht leanúna agus measann na hagóideoirí, mná agus an pobal inimirceach ach go háirithe, nach ceart go mbeadh an chineál sin de fhear i gceannas orthu.Chomh maith leis sin, caithfear admháil go bhfuil daoine deighilte go hiomlán ar chúrsaí polaitíochta faoi láthair. Is é fírinne an scéil ná gurb é seo an glúin is scoilte riamh mar gheall ar tionchar an idirlíon agus an bhoth mhacalla a chruthaíonn sé. Ciallaíonn sé sin nach raibh éinne ar an eite chlé ag tnúth go mbeadh an bua ag Trump. Baineadh geit ollmhór astu agus tá sé mar chuid den nádúr daonna ár gcuid mothúcháin a léiriú i mbealach poiblí.Ina theannta sin, cé gur chaill Clinton an toghcháin, d’éirigh léi sciar níos mó de vóta an phobail a fháil. Is amhlaidh a ghéaraigh sé ar an bpian. Mar is eol dúinn, níl sé seo an chéad uair a tharla na leithéid i sna SAM. I 2000, níor thoghadh Al Gore cé go fuair sé níos mó votaí ná George W. Bush. Is í an difríocht idir 2000 agus an staid ina bhfuil cúrsaí faoi láthair aáfach, ná go raibh ceisteanna maidir le calaois toghcháin ag an am sin. Cé gur íol fuatha é Donald Trump, ní féidir linn a shéanadh gur bhuaigh sé go cóir agus go cothrom. Mar sin, cé chomh dlisteanach is atá na hagóide? Deirtear gur cur amú ama iad, ag cur isteach ar na póilíní agus ar saoránaigh atá umhal don dlí araon. Má's rud é nach raibh fadbhanna leis an gcóras dhaonlathach, an fiú iad a dhéanamh? Is fiú gan amhras dar liomsa. Ceapaim go bhfuil sé ar eolas ag na hagóideoirí nach bhfuil siad chun an toradh a mhalartú. Ní hé sin an cuspóir atá acu. Pé scéal é, trí mheán na hagóide, is féidir leo iarmhairtí eile a chothú. Gach uair a théann siad amuigh ar na sráideanna, cuireann siad in iúl go bhfuil siad ag seasamh gualainn ar ghualainn leo siúd a bhí gortaithe gach uair a d’oscail Trump a bhéal i mbliana. Gach uair a chastar súil orthu ar an nuacht, cuireann siad brú mór millteach ar Trump a chuid polasaithe a athrú. Cosúil leis an teachtaireacht a bhí ag foireann aisteoirí “Hamilton” do Mike Pence an tseachtain seo caite, is meabhrú í gach uile agóid gur sochaí iolraíoch í Meiriceá.Tharla beagán de agóide comh maith tar éis an reifreann do “Brexit”, ach tá cuid den agóide tagtha chun cinn go dleathach. De réir cinneadh déanta ag Ard Chúirt na Ríocht Aontaithe, beidh ar an parlaimint Westminister vóta a thógáil ar an ábhar, ní cinneadh é a suíonn le chomhaireacht May áfach. Gina Miller a thug an cás chun cúirte ag argóint nach raibh “saincheart Ríoga” i gceist, agus dá spreagadh Airteagal 50 gan vóta parlaiminte ar, go gcuireadh roinnt mhaith Achtaí Parlaiminte eile ar cheal. Tá an cás anois le phlé san Cúirt Uachtarach, agus an rialtas ag súil go ndéanfadh an Cúirt athchinneadh ar an mbreith. Cé nach raibh freagairt ró dearfach ag an taobh a bhí i bhfábhar an Aontas Eoraach a fhágaint (tá Miller tar éis bagairtí báis a fháil), ba léiriú é ar cén fáth go b’fhéidir nár cheart caitheamh aníos orthu siúd a dtéann in agóide ar thorthaí daonlathach, tá seans mhaith fiú go bhfuil maitheas iontu.Stopfaidh na hagóideoirí i gceann dtamaill beag agus rachaidh siad ar ais go dtí a saol laethúil. Ní fheicfidh tú iad a thuilleadh, ach beidh siad fós ann. Caithfidh Trump bheith ina hUachtarán do gach saoránach, ní amháin dóibh siúd a thug vóta dó. Ag deireadh an lae, is siombail iad na hagóide in aghaidh na héadulaingte, agus níl dada mícheart leis sin ann féin.Gluaisag déanamh agóide- protesting calaois toghcháin-electoral fraud gnéasachas-sexism ciníochas-racism íol fuatha-idol of hatred iarmhairt-impactsaincheart ríoga- Royal prerogative éadulaingte- intolerance/oppression