2016: an bhliain do bhí

Is é an riail faoi 2016, ná nach labhraítear faoi 2016. Bliain ait a bhí ann, bliain ina raibh mórán d’agóidí, mórán de fhrustrachas agus mórán de mhéim. Féachann Niamh O Regan siar uirthi.[br]Bliain ait a bhí i 2016, b’fhéidir nach raibh sé ró difriúil ó blianta eile, ach tá an cuma ar an scéal gur tharla níos mó rudaí ná mar gnáth. Mar a tharlaíonn gach aon bliain, bíonn rudaí maithe, rudaí measartha agus rudaí olc. Tharla eachtraí thart an domhan ar fad agus mórán nithe beaga i UCD comh maith.Fuair roinnt mhaith daoine bás i 2016; Terry Wogan, David Bowie gus Alan Rickman i mí Eanáir.  D’imigh Leonard Cohen i ndiaidh an toghchán in sna Stát Aontaithe, a d’fhógair Donlad Trump, mar uachtarán ar na Stát Aontaithe. Frank Kelly, Prince, Gene Wilder, Caroline Aherne, agus mórán daoine eile. Bhí an cuma ar scéal gur fuair i bhfad níos mó daoine mór le rá bás i mbliana, ach b’fhéidir gurb iad na daoine ba mhó do lucht leanúna áirithe, agus toisc a n-aois, agus a dtalainn ina gcuid réimse ghairmiúla, go thrasnaíodh aon teorainn glúine a d’fhéadfadh a bheith ann.Bhí athchuairt tugtha ar óige na mílaoisigh le  cuireadh The Cursed Child ar stáitse, agus bhí slua daoine míshásta nuair a foilsíodh an scéal, gur script a bhí in san script agus anois tá Fantastic Beasts againn. Leanadh leis an fhilleadh le Finding Dory, blianta fada i ndiaidh Nemo a thabhairt abhaile. Ba bhliain maith é don tionscal teilifíse go ginearálta i dtéarmaí saothar; tháinig an chéad sraith de Stranger Things, d’fhill Gilmore Girls agus do tharla iontas i ndiaidh iontas leis an seachtú sraith de Game of Thrones. Anuas ar seo bhí a leithéid de Planet Earth 2Go dtí seo tá an méid is mó reaic déanta as an radharc de na nathair ar thóir an ioguána fad is a labhair David Attenborough go suaimhneasach faoin eachtra ar fad. Rinneadh muintir na Riocht Aontaithe an chinneadh an Aontas Eorapach a fhágaint agus rinneadh an páirtí Coimeádach an chinneadh Theresa May a chuir i suíochán an príomh aire. Rinne an choláiste toghcháin na Stát Aontaithe an chinneadh Donald Trump agus Mike Pence a chur isteach sa tigh bhán i Washington D.C. agus phléasc na méimeanna de Obama agus Biden. Láidríodh an gníomhú ar son na saolta gorma “Black Lives Matter”, tar éis a thuilleadh dúnmharaithe de fhir is mná gorma in sna Stát Aontaithe.Ach tá scéalta eile ann, nach tugtar an méid céanna aitheantas dóibh toisc nach bhfuil an gnéasúlacht ann leis. De réir íomháú teicneolaíochta, a bhaineann úsáid as scanadh léasair, fógraíodh go bhfuil an cuma ar go bhfuil cathracha mhóra mheánaoiseacha, faoi bhun foraois i Cambodia, roinnt dóibh atá comh mór leis an príomhchathair Phnom Penh. Críochnaíodh an triail de Jean Pierre-Bemba, agus ba é an chéad triail de chuid an Cúirt Coiriúla Idirnáisiúnta, a dhírígh ar éigniú mar choir cogaidh, agus an úsáid de foréigean gnéis mar arm cogaidh. Bhí an dara céim de reifreann an Nua Shéalainn ann, nuair a iarradh ar mhuintir na tíre, an raibh fonn orthu a mbrat traidisiúnta le Bhrat an Aontais barr ar dheis agus réaltbhuíon Cros an Deiscirt, nó an leagan nua de Chros an Deiscirt agus an raithneach airgead. Tharla sé seo ar fad, fad is a bhí rialtas an Nua Shéalainn ag síniú an TPP, nach iontach an tharraingt airde mar chleas pholaitiúil.Tar éis an iarracht ar coup míleata sa Tuirc, glanadh codanna de na Forsaí Armaithe, ach bhí ar an Uachtarán postanna a thabhairt ar ais do chuid mhaith píolótaí, toisc nach raibh a ndóthain ann a bhí cáilithe i ndiadh an ghlanadh. Anuas ar seo bhí mórán iriseoirí gafa agus na mílte státseirbhísigh, múinteoirí agus léachtóirí curtha as a bpost. Bhí toghachán parlaiminte ag Siria, in ainneoin an cogadh cathartha atá ar siúl, d’fhógair an Ghearmáin agus na Stát Aontaithe nach raibh siad chun glacadh leis na torthaí, toisc nach raibh slí ar bith ann go bhféadfadh an toghchán a bheith dlisteanach i gcoinníoll an tír. Thart ar an domhan ar fad, roimh deireadh na bliana beidh 43 toghachán ar son Uachtarántachta agus 54 toghachán parlaiminte tar éis tarlú.D’fhásadh an chéad bhláth i Spás, ar an ISS; faoi stiúir an spásaire Scott Kelly d’fhás zinnia i gcoinníollacha micrea-domhantharraingt. D’éirigh le eitleán eitil timpeall an domhan ag baint úsáid as grianfhuinneamh amháin.Ní fhéadfá dearmad a dhéanamh ar Euros ‘16 agus tacaíocht láidir na hÉireannaigh thall ann, agus bhí meon comh dearfach sin acu go fuair ár nUachtarán féin litir ó mhéara Páras ag rá go raibh fonn uirthi Grand Vermeil an chathair a bhronnadh ar lucht leanúna na foirne Éire.Gan dabht tá mórán eile tarlaithe, nár tugadh ach sracfhéachaint do in ár nuacht náisiúnta, agus tá mórán eile tarlaithe gur tugadh an iomad ama do. Táimid ag súil go mbeidh 2017 beagáinín níos sochair, ach má fhanaimid ar an gcosán atáimid, is go fánach a tarlóidh sé sin.GluaisSraith- series go suaimhneasach- soothingly coir cogaidh- war crime réaltbhuíon- constellation micrea-domhantharraingt- micro-gravity grianfhuinneamh-solar power